Iardhalta Gaelscoile an chéad Éireannach le billiún amharc a bhaint amach ar YouTube

Fógraíodh ag an deireadh seachtaine go bhfuil os cionn billiún amharc faighte ag an amhrán ‘Zombie’ le The Cranberries ar YouTube. Fágann sé seo gurb é an séú hamhrán ón gcéad seo caite a bhain an chloch mhíle mhór amach agus an chéad amhrán Éireannach a rinne an t-éacht. 

Ar ndóigh, ba í an t-iardhalta Gaelscoile, Dolores O’Riordan, príomhamhránaí an bhanna agus is í atá le feiceáil san fhíseán mór-ratha. D’fhreastail Dolores ar Choláiste Chnoc na Labhras i gcathair Luimnigh agus bhí teach aici i gCorca Dhuibhne. 

In agallamh a rinne sí ar theilifís Cheanada in 1996, thug Dolores le fios go dtapaíodh sí an deis a cuid Gaeilge a úsáid agus í i measc mhuintir Chorca Dhuibhne. 

Bhí ‘Zombie’ ag teacht i ngiorracht den bhilliún amharc le tamall anuas agus bhí feachtas ar siúl ag The Cranberries féin an sprioc a bhaint amach. 

Is iad na hamhráin eile ón 20ú haois a bhain an billiún amharc amach ná ‘Bohemian Rhapsody’ le Queen, ‘Take On Me’ le A-ha, ‘Sweet Child O’ Mine’ le Guns N’ Roses, ‘Smells Like Teen Spirit’ le Nirvana, agus ‘November Rain’ le Guns N’ Roses. Fágann sé sin gurb í Dolores O’Riordan an chéad amhránaí mná a bhain an billiún amharc amach ar YouTube freisin. 

SCÉALTA EILE