Iarratais á lorg ó phíobairí agus ó chruitirí do Bhonn Óir Sheáin Uí Riada

Tá iarratais á lorg ag an gceoltóir aitheanta Peadar Ó Riada, as Gaeltacht Mhúscraí, do chomórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada na bliana seo. Is comórtas do phíobairí agus do chláirseoirí é an Bonn Óir 2020, agus tá duaischiste €5,000 ann do na ceoltóirí traidisiúnta a thabharfaidh an chraobh leo. 

Is tríd an gclár Cuireadh Chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, clár a chuireann Peadar Ó Riada i láthair, a reáchtáiltear an comórtas, agus bíonn uirlisí éagsúla i gceist gach bliain — i mbliana is iad na píobairí agus na cláirseoirí a bheidh ag cur isteach ar an gcomórtas. Roghnófar beirt cheoltóirí mar bhuaiteoirí, píobaire agus cláirseoir, agus buafaidh siad €2,500 an duine, chomh maith leis an mbonn óir féin. 

Ní mór do cheoltóirí a bhfuil spéis acu i gcomórtas na bliana seo cúig phíosa ceoil a thaifeadadh, gan tionlacan, agus iad a íoslódáil go suíomh Cuireadh Chun Ceoil faoin Aoine, 16 Deireadh Fómhair. Fógrófar an gearrliosta ag tús mhí na Nollag agus reáchtálfar an craobhchomórtas in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh ar an 5 Feabhra 2021. Craolfar an comórtas sin beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Bhí an bhliain 2020 deacair orainn ar fad le Covid, ach bhí rud éigin maith ann leis, is é sin go bhfuil mórán againn tar éis sos ón saol a thógaint orainn féin, agus dul ag éisteacht le ceol agus á sheinnt arís. Tá an comórtas do Bhonn Óir Sheáin Uí Riada oscailte do gach aon cheoltóir ar domhan — an chlann fhairsing a tharraing an Covid le chéile más maith leat.

“Anois, agus sinn ag féachaint ar 2021, agus 50 bliain tar éis bhás Sheáin Uí Riada, táim ag súil go mór le teagmháil a dhéanamh lenár gcairde ceoil ar fuaid na cruinne tríd na haerthonnta, agus ceol a dhéanamh le chéile tríd an raidió agus an tIdirlíon isteach i gcistiní a chéile,” a dúirt Peadar Ó Riada. 

Tá trí bliana ann ó bhí an comórtas oscailte do phíobairí agus do chláirseoirí, agus ba é an píobaire Éanna Ó Cróinín as Ráth Chairn agus an cláirseoir Úna Ní Fhlannagáin as Gaillimh a thug na boinn óir leo. Ba í Jillian Ní Mháille a thug an chraobh léi i gcomórtas na bhfeadóg mhór anuraidh. 

SCÉALTA EILE