IMLÉ ag barr láin ar an EP nua ‘TAOILLE’

Má tá Gaeilge agat agus má tá suim agat sa cheol, nó má tá suim agat sa cheol Gaeilge, is cinnte go bhfuil na ceithre litir seo ar bharr do theanga agat: I M L É.

Is faoi stiúir an cheoltóra Cian Mac Cárthaigh a chruthaíonn an comharghrúpa ceol Gaeilge a mheascann seánraí éagsúla le chéile ar bhealach nach raibh le cluinstin roimhe seo.

Tá dhá albam eisithe acu go dtí seo, IMLÉ (2016) agus Fáilte Isteach (2022), agus anuraidh chualathas an t-amhrán ‘Peacach’ leo mar cheol téama ar chlár teilifíse de chuid Netflix, Bodkin.

I láthair na huaire, tá an t-ilionstraimí Neil Ó Briain, an t-amhránaí Róisín Seoighe agus an rapálaí James Shannon, chomh maith le Cian é féin, ag déanamh ceiliúradh ar eisiúint an EP nua TAOILLE.

Seoladh TAOILLE le seó spleodrach sa Grand Social i mBaile Átha Cliath ar an 14 Márta agus tháinig Niall Crichton ar bord mar dhrumadóir. Thacaigh The Gladstone Band leis an chúigear ar an oíche chéanna.

Grianghraf: IMLÉ ag an Grand Social; ón chlé Cian Mac Cárthaigh, Róisín Seoighe, James Shannon, Niall Crichton, agus Neil Ó Briain.

‘Taoille’ a thug siad ar an EP cionn is go ndéanann an fórsa nádúrtha cur síos beacht ar an chineál ceoil a chumann IMLÉ — ‘go síoraí ag gluaiseacht, ag forbairt agus ag athrú’. Meascann an EP seo fuaimeanna trip-hop, rapcheoil, dioscó agus dreampop le chéile chun fuaim uathúil an ghrúpa a chruthú. 

D’oibrigh IMLÉ ar an chnuasach le Karl Odlum, léiritheoir atá ag obair go dlúth leo le blianta anuas, agus pléitear téamaí pearsanta amhail deireadh ré i saol an duine agus an caillteanas, chomh maith le téamaí sóisialta a imríonn tionchar ar an tsochaí fhorleathan.

An t-ealaíontóir Lizardtron atá lonnaithe i gCiarraí a dhear ealaín chlúdaigh an EP, spreagtha ag na fuaimeanna a bhí le cluinstin ar an togra.

Breis agus seachtain ó d’eisigh IMLÉ an EP, labhair Róisín faoin fhreagairt atá faighte acu ó shin:

‘Táim thar a bheith bródúil as an obair ar fad atá muid théis a chur isteach sa gceirnín nua seo TAOILLE. Táim féin ag obair le IMLÉ ar feadh na mblianta agus tá sé go deas domsa a bheith páirteach i gcnuasach iomlán d’amhráin nua a chruthú mar bhall den ngrúpa.

‘Táim ríméadach go bhfuil tóir ar an gceol agus ar na liricí atá á gcruthú agam féin mar bhall d’IMLÉ le roinnt blianta anuas, ag tosú leis an rath a bhí ar ‘ÉAD’ agus anois le TAOILLE atá ag teacht a fhad le beagnach 100,000 sruth ar Spotify cheana féin. Go pearsanta, tá an oiread smaointe agus ama caite agam ar liricí a chumadh don gceirnín seo go bhfuil sé go hálainn aitheantas a fháil don chruthaitheacht sin.’

Dúirt Neil Ó Briain go raibh seoladh an EP sceitimíneach:

‘Tá an t-aiseolas go dtí seo dochreidte. Níorbh fhada ó shin go rabhamar ag obair go dian ar na rudaí beaga deireanacha a bhí le déanamh chun an EP a chur i gcrích, agus bíonn tú ag súil go rachaidh sé i gcion ar dhaoine. Ba léir go ndeachaigh mar bhí gig an tseolta plódaithe agus tá an méid sin teachtaireachtaí fachta againn fé TAOILLE ó shin. Cuireann sé brí ionainn agus is mór againn é gan amhras.’

Labhair James Shannon faoin chéad uair dó togra ceoil lán-Ghaeilge a eisiúint:

‘Táim féin chomh sásta sin leis an aiseolas agus freagra atá tar éis teacht ó dhaoine maidir leis an EP agus chuile rud le bliain anuas. Mothaíonn sé go hiontach go bhfuil ceangal ag daoine leis an gceol agus leis an mbanna, agus leis an teanga í féin freisin. Dom féin mothaíonn sé ar nós go bhfuil an ceol trí Ghaeilge ag fáil an aitheantais chéanna agus atá an ceol trí Bhéarla agus níl sé mar bhacainn níos mó.

‘Is cinnte d’éisteoirí ar leith gur tarraingteach an teanga í agus tá sé go hiontach go bhfuilimid in ann cur leis an réabhlóid, mar atá daoine ag tabhairt air. Tar éis dom féin ceol Béarla a dhéanamh ó thús mo ghairmréime, tá sé dochreidte mo theanga féin a úsáid chun ceol a bhfuil grá agus paisean agam dó a chruthú leis an mbanna iontach seo d’éisteoirí a bhíonn ag tacú agus ag léiriú suim in chuile rud atá á dhéanamh againn. Chun é a rá go simplí, táim sona sásta leis an bhfreagra ar an EP nua.’

 


 

Is féidir IMLÉ a leanúint ar Instagram @imle_ceol, agus baill an ghrúpa ag @roisin_seoighe, @jamesshannonmusic, @ciananseo, agus @neilobri.

SCÉALTA EILE