IMLÉ, Huartan, Grooveline le seinm ag Gradaim NÓS 2024

Beidh an comharghrúpa eicléictiúil IMLÉ, an tríréad trad-treonaice Huartan, agus Grooveline na mbuillí funcaíáilte ar ardán ag Gradaim NÓS 2024, a bheidh ar siúl Dé hAoine 9 Feabhra i mBéal Feirste.

Is iad Róisín Seoighe agus James Shannon a bheidh in éineacht le IMLÉ agus beidh eagarthóir NÓS, Conor Torbóid, i mbun rapála ar an oíche chomh maith.

Is í seo an chéad bhliain ó bhí an phaindéim ann atá na Gradaim á reáchtáil agus táthar ag súil go mór leis na héachtaí is déanaí i saol an cheoil Gaeilge a aithint agus a cheiliúradh arís.

Bronnfar gradaim i 7 rannóg, ina measc sin ‘Nuatheachtaí na Bliana’, a bheidh ainmnithe feasta in ómós dár gcara agus laoch teanga Rónán Mac Aodha Bhuí.

Foilseofar an gearrliosta go luath ach, idir an dá linn, is féidir ticéid a cheannach don oíche anseo.

Is sa Black Box i lár Bhéal Feirste a thiocfadh na trúpaí ceoil le chéile an 9 Feabhra, agus tosóidh an ócáid ar 19:30.

An nuacheol Gaeilge abú!

SCÉALTA EILE