Ionracas dóite do na cluasa

Seamus Fogarty – ‘The Curious Hand’


“Paid a fisherman to throw me overboard but my dying wish it was ignored /
Stole my body and they boiled it to the bone.
Strung me up all bones and teeth with a sign that read there underneath /
Here stands Charles Byrne from the county of Tyrone.

Insint ar shaol Charles ‘The Irish Giant’ Byrne agus an feall a rinneadh air tar éis a bháis é an t-amhrán ‘Short Ballad For A Long Man’, a chuireann tús leis an tarna albam seo le Seamus Fogarty as Contae Mhaigh Eo.

Fathach ab ea Byrne a thug aghaidh ar Londain sa bhliain 1781 ar thóir clú agus saibhris.

Dhá bhliain níos déanaí bhí sé marbh de thoradh na cúise céanna dó bheith fásta ina fhathach in aon chor – acraimeigileacht, tinneas a chruthaíonn barraíocht hormón fáis sa chorp.

In ainneoin go raibh Byrne tar éis iascaire a íoc as a chorp a chur san fharraige, rug réabóirí reilige a bhí ag obair ar son an anatamaí cháiliúil John Hunter ar chorpán an fhathaigh.

Faraor, cónaíonn creathlach Byrne san Hunterian Museum i Londain i gcónaí (ach má tá fonn ort cás a dhéanamh ar son an fhir bhoicht cuir d’ainm leis an achainí ar líne seo).

Sár-amhrán é ‘Short Ballad For A Long Man’, is níorbh aon ionadh liom go raibh lámh ag James Yorkston na hAlban ina chumadh.

Is é Seamus Fogarty an t-amhránaí is cosúla le Yorkston dá bhfuil sa tír seo againn (fiú más fíor go bhfuil Fogarty ag cur fé i Londain faoi láthair).

Scéalaí séimh ag cumadh liricí searbha.

Cumadóir a thuigeann gur leitheadach an nós é a bheith ag cumadh amhrán fút féin, ach fear a thuigeann go bhfuil fós pearsantacht agus greann a dhóthain istigh ina shaothar chun aird an éisteora a chúiteamh.

Tuigeann Fogarty, leis, go bhfuil níos mo de phailléad sonach ar fáil don bhailéadaí ná an diabhal giotár acústach ach an misneach a bheith acu tabhairt faoi.

Tá ceol na n-amhrán seo, mar sin, tógtha as samplaí (cloisfear taifeadadh ó chomórtas screadaíle i gContae an Chláir ar ‘Tommy The Cat’), fuaimeanna leictreonacha agus réimse leathan gléasanna.

Cur chuige stiúidio atá níos cosúla le Steve Reich (agus Hot Chip i gcás ‘Carlow Town’) ná Damien Dempsey, buíochas le Dia.

Machnamh iad na hamhráin seo ar an imirce agus cad is ‘baile’ ann.

Grá agus aiféala, obair chrua agus síor-bhogadh an spailpín.

Gluaiseann Fogarty ó Londain go Chicago go Meicsiceo agus é “Burning bridges like cigarettes” ar feadh na slí.

Cuireann ‘Seems Wherever’ siúl gort glasa Mhaigh Eo i gcomparáid le bheith suite ar bhord traenach “a mile beneath the broken heart of London town” agus Fogarty ag canadh go cathaitheach “Love is buying a thing unseen, I traded my country for my queen”.

Tá blas nach beag na fantaisíochta in áiteanna, go háirithe ar an singil ‘Carlow Town’, amhrán a chuirfeadh ‘Floating’ le Jape i gcuimhne don éisteoir ach le piontaí pórtair in áit MDMA, gealtachas reiligiúnda in ionad pléisiúr Dé.

Tá filíocht anseo, freisin, is fillfidh tú ar línte mar “It’s the long way that I came, to find out everyone is the same” (‘Van Gogh’s Ear’) agus “Fear it sat upon its shelf waiting for the curious hand” (‘The Curious Hand’).

Tá sé ró-luath Tom Waits nó Nick Cave na hÉireann a thabhairt ar Fogarty, ach glac uaim go bhfuil miotal agus ionracas dóite an fhir le moladh.

SCÉALTA EILE