Tá Gradaim NÓS ar ais don cheathrú bliain as a chéile agus is féidir le hamhránaithe, bannaí agus éisteoirí a moltaí a sheoladh isteach chugainn anois idir seo agus an 7 Nollaig.
Déanann Gradaim NÓS ceiliúradh ar shaol an nuacheoil Gaeilge agus tá an cheolchoirm agus ócáid bhronnta anois aitheanta i measc na ndátaí is spleodraí i bhféilire na nGael.
Ocht ngradam atá le bronnadh arís i mbliana – ó ‘Amhrán na Bliana’ go ‘Féile na Bliana’ – agus is féidir cur isteach ar na rannóga éagsúla anseo.
Fógrógar an gearrliosta le linn mhí na Nollag agus ansin beidh an ócáid mhór féin ar siúl Dé hAoine 11 Eanáir 2019 sa Sugar Club, Baile Átha Cliath.
Tá ticéidí do Ghradaim NÓS 2019 ar díol cheana féin – faigh do cheann anois agus bí linn i gClub an tSiúcra chun tús ceart ceolmhar a chur leis an mbliain úr!