Níl a fhios agam ar airigh NÓS go raibh siad gann ar bhealach ar bith nuair a bhí siad d’uireasa colúnaí léirmheastóireachta ceoil tíre ach siod é anois an dara uair agam ag sá mo lámh síos i bpóca mo chuid spéise agus ag tarraingt píosa faoi cheol tíre amach as.
Tá mé ar ais in Éirinn arís agus le cumha i ndiaidh na fála a bhí agam ar cheol tíre thall i Meiriceá le trí mhí anuas chuaigh mé isteach ar YouTube. Tá Spotify agam ach feictear dom go bhfuil YouTube níos fearr le stuif nua a chloisteáil agus Spotify níos fear le n-éisteacht le do sheinnliosta féin de na hamhráin a thaitníonn leat.
Ar aon chuma chuir mé seinnliosta ag imeacht ar YouTube, ceann de na ceanna sin a chuireann amhráin amach bunaithe ar ábhar nó ar amhránaí áirid as a stuaim féin (seachas ceann a chuir duine daonna i ndiaidh a chéile), bunaithe ar cheol an amhránaí Tyler Childers. Scríobh mé cúpla abairt faoi siúd anseo cheana. Fear óg as sléibhte Appalachia in Kentucky Mheiriceá.
Bhí an seinnliosta ag déanamh a ghnó agus, mar a dhéanann na halgartaim seo, mheasc sé amhráin isteach a bhí cosúil le hamhráin Tyler Childers.
Thosaigh sé ag casadh ‘Saskatchewan in 1881’ le Colter Wall. Bhuel baineadh geit asam is dóigh. Cé a bhí ar an scáileán ach an fear óg seo. Goidfidh mé líne as amhrán tíre eile lena chuma a mhíniú “he was so thin I swear you could have used him for a whip, he had to drink a beer to keep his britches on his hip”. Ní raibh sé beag agus caite ar nós Willie Nelson ach ní hé an chaoi agus go raibh mórán téagair sa bhfear ach an oiread. Ach an glór a tháinig amach as shílfeá gur mhúin duine éicint do bhéar cén chaoi le amhráin a chasadh.
Glór chomh domhain agus cineál gritty. Nuair a d’éist mé leis an amhrán ‘The Devil Wears a Suit and Tie’ trí mo chuid cluasán d’airigh mé ar nós go raibh a ghlór do mo shlogadh. Ar nós go raibh na cluasáin th’éis mé a tharraingt síos ina scornach. (Ok stopfaidh mé leis na samhlacha anois, tá siad ag tosaí ag éirí aisteach. Ach i ndáiríre oscail YouTube anois agus breathnaigh ar an bhfear agus ansin éist lena ghlór agus tuigfidh tú.)
Ach ar aon chuma, is fear óg é as Cúige Saskatchewan Cheanada agus tá sé ar dhuine de na daoine is nua atá sách mór le rá i saol an cheoil tíre neamhspleách. Casann sé ceol cineál blues-y, folk-y, western-y, Appalachian-y, bluegrass-y.
Feictear dom féin gur mó seans atá ann go bhfaighidh tú stuif níos fearr taobh amuigh de thionchar Nashville leis an dream neamhspleách seo. Idir é féin agus Childers, i mo thuairimse, tá níos mó fírinne agus níos mó scéalaíochta le fáil ó na hamhránaithe seo.
Tá an-ghrá agam féin don scéalaíocht san amhránaíocht óna bheith ag gabháil fhoinn ar an sean-nós, cuid den fáth a bhfuil an oiread grá agam don cheol tíre, agus thug mé faoi deara sna hamhráin ‘The Devil Wears a Suit and Tie’ agus ‘Kate McCannon’ ach go háirid, go raibh Colter Wall sásta ligean cead don scéal an t-amhrán a threorú seachas a bheith ag braith ar an gceol leis na focla a sheoladh.
Sna hamhráin sin, agus in amhráin eile leis, bhí sé sásta an rithim nó an tempo a athrú ag brath ar an gcuid den scéal a bhí á inseacht aige. Thar amhránaí tíre ar bith eile bhí mé in ann an scéal a fheiceáil mar a bheadh amhrán ann i mo chloigeann ar an gcaoi chéanna a bhfeiceann mé scéalta sean-nóis ag casadh i mo chloigeann nuair a bhíonn mé ag éisteacht le duine de na máistrí sean-nóis. (Fun Fact: sin é an chaoi a gcuimhníonn mé féin ar fhocla sean nóis. Téann na véarsaí in ord an scannáin a chruthaím i mo chloigeann).
Is fearr i bhfad amhránaí b’fhéidir nach mbeadh chomh binn ach atá in ann an scéal a inseacht go fírinneach ná amhránaí a bhfuil glór álainn acu ach atá an mothúchán céanna acu agus a bheadh dá mbeadh siad ag canadh amach na focla atá ar bhiachlár bialainne. Bbíonn mé féin ciontach de bheith ag iarraidh a bheith ag cur fonn roimh fhocla amannta agus bíonn orm mé féin a tharraingt amach as.
Ach bail ó Dhia ar Cholter Wall, tá an dá rud aige. Glór iontach agus scéalaíocht den chéad scoth.