Ocht lá atá fágtha go dtí go dtagann deireadh le feachtas Kickstarter Seo Linn agus cé go bhfuil an pointe leath bealaigh sroichte acu tá breis ‘s €20,000 ag teastáil uathu go fóill.
Chuige sin, tá baill an bhanna sásta ‘rud ar bith’ a dhéanamh chun an sprioc a bhaint amach.
I measc na nduaiseanna atá á dtairiscint ag Seo Linn, tá tweet pearsanta ag gabháil buíochais ar luach €2, doirtfear lítear bainne ar do rogha cloiginn ón bhanna agus cuirfear taifead de chomh maith le teachtaireacht Facebook ón bhanna chugat ar €30.
Ar na cinn is costasaí, déanfaidh Seo Linn amhrán a thaifeadadh duit (ceann nua-scríofa nó leagan amhráin) ar €6,000 agus ar an méid is mó ar fad, €7,000, déanfaidh Seo Linn do rogha-sa ruda!
“Thug cúpla dream €2,000 dúinn, tháinig €4,000 isteach ó dhuine amháin agus €5,000 ó dhuine eile ach teastaíonn níos mó, idir bheag agus mhór, go dtí go sroichfimis an deireadh,” arsa Stiofán Ó Fearail, duine de phríomhamhránaithe Seo Linn le NÓS.
A bhuíochas le cúpla ‘bighitters’ agus tacadóirí eile táthar ag déanamh an-dul chun cinn lena bhfeachtas ach, ar ndóigh, muna n-éiríonn leo an sprioc €50,000 a bhaint amach faoi 4 Iúil ní bhfaighidh siad dada.
Eagraíochtaí iad na dreamanna den chuid mó atá i ndiaidh íoc as ceardlanna nó ceolchoirmeacha roimh ré, agus táthar ag súil le tacaíocht a mhealladh ó Oireachtas na Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge eile.
“Tá muid dóchasach ach tá cnoc le dreapadh fós.”
Is í aidhm an fheachtais ná an grúpa a chur ag obair go lánaimseartha ar an cheol Gaeilge agus “gabháil céim níos faide leis an bhanna”.
Faoi láthair tá triúr den ghrúpa ag obair go lánaimseartha agus, go dtí seo, ní raibh deis acu díriú ar an cheol mar ba mhian leo.
Rachaidh an t-airgead i dtreo albam iomlán a thaifeadadh, ceardlanna a dhéanamh timpeall na tíre a spreagfaidh daoine óga chun ceoil agus turas go háiteanna ar nós SAM lena gceol comhaimseartha Gaeilge a scaipeadh níos forleithne.
“Tá muid ag súil go mbeidh pobal na Gaeilge in ann teacht taobh thiar dúinn,” arsa Stiofán.
“Is bealach maith é an feachtas seo a léiriú go bhfuil daoine taobh thiar den Ghaeilge. Níl mé ar rá gur seo an t-aon bhealach leis sin a dhéanamh ach seo réimse amháin den saol inar féidir linn an nuacheol Gaeilge a láidriú agus ár gcuid a dhéanamh.
“Is iontach an rud é Kickstarter. Léiríonn sé an méid tacaíochta atá amuigh ansin. Ní raibh muid ag súil go mbeadh toradh chomh sin maith le feiceáil ach tá níos mó ná 200 duine tar éis airgead a chur chun tosaigh.
“Is rud deas é le feiceáil agus táthar ag tabhairt a lán misnigh dúinn leanúint ar aghaidh.”
Beidh Seo Linn i mbun ceoil ‘gan choinne’ ar Shráid Ghrafton, Baile Átha Cliath, an Satharn beag seo, 27 Meitheamh, ó 11rn ar aghaidh le haird a tharraingt ar a bhfeachtas.
Tacaigh leo anseo.