Thiteas i ngrá le fuaim ghlan grunge-pop Tuff Love as Glaschú na hAlban nuair a chuala an t-amhrán ‘Slammer’ ón EP Dross ag tús na bliana.
Bhí mé meallta ag stóinsitheacht Julie Eisenstein agus Suse Bear agus iad ag canadh na bhfocal “I’ve got stamina and I’ve got rage” thar ghiotáir ghéara spleodracha ‘Slammer’, agus bhíos ag súil le rudaí maithe nuair a thuirling an t-albam début seo, Resort, isteach tríd i mo bhosca litreach.
Níor lig Tuff Love síos mé.
Níl aon amhrán eile anseo ar chaighdeán ‘Slammer’ ach tagann ‘Sweet Discontent’, ‘Crocadile’ agus ‘That’ Right’ gar dó.
Tá ceol Tuff Love go mór faoi chomaoin grúpaí indie ‘C86’ na 80í mar The Pastels agus Primitives, ach tá fuinneamh agus faobhar alt-rock glioscarnach leithéidí Smashing Pumpkins na 90í le clos freisin.
Ní haon drochrud é, fiú agus fuaim Resort déanta ó mhúnlaí a bhí ann roimhe, ní cuimhin go raibh amhrán grá leispiach mar ‘Poncho’ (“I wipe my hands on my dress before I stroke them on your breasts“) ag aon cheann dos na grúpaí thuas-luaite.
Tá Resort beagáinín rófhada, ach seo grúpa úr indie gur fiú cluas le héisteacht a thabhairt dó.
Agus ní minic gur féidir sin a rá.