‘Is Sinne Óg’ — amhrán Gaeilge Picture This

Tá an chéad amhrán eile ón albam CEOL 2018 eisithe ag Conradh na Gaeilge agus RTÉ 2FM. Is iad an banna ceoil Picture This, as Contae Chill Dara, atá le cloisteáil ar an rian nua agus leagan Gaeilge dá n-amhráin ‘When We Were Young’ taifeadta acu — ‘Is Sinne Óg’.

Go dtí seo, eisíodh ceithre amhrán ó CEOL 2018, amhráin ó The Academic, Kodaline, agus an banna ceoil cáiliúil Wheatus. Is féidir éisteacht le ‘Follow Your Fire’, ‘Bear Claws’ agus ‘Teenage Dirtbag’ anseo. 

Eiseofar an t-albam iomlán ceoil, a bhfuil ceoltóirí éagsúla le cloisteáil air,  níos deireanaí i mbliana. Tá Conradh na Gaeilge, Raidió Rí Rá agus RTÉ 2FM ag obair as lámha a chéile le blianta beaga anuas leaganacha Gaeilge d’amhráin cháiliúla a sholáthar.

Tá súil ag Conradh na Gaeilge go rachaidh an leagan nua Gaeilge i bhfeidhm “ní hamháin orthu siúd a bhfuil grá acu don Ghaeilge cheana féin” agus go spreagfaidh sé “pobal níos leithne ar fud an domhain” spéis a chur sa teanga. 

Beidh tuilleadh amhrán á n-eisiúint ó CEOL 2018 sna míonna amach romhainn agus beidh cóip den albam á thabhairt do gach dalta iarbhunscoile sa tír nuair a fhillfidh siad ar na scoileanna sa bhfómhar. Scaipfear 350,000 cóip den albam, idir chóipeanna crua agus leaganacha leictreonacha ar na daltaí. 

SCÉALTA EILE