‘Is trua é easpa samhlaíochta an ghrúpa’

Nuair atá céad-singil grúpa chomh milis, mealltach le ‘Novocaine For The Soul’ na Eels tá streachailt chrua rompu chun aird a lucht éisteachta a choimeád go fadtréimhseach. 

Le ‘Novocaine’, a eisíodh in 1996, ghlac Eels seilbh ar phaiste de thalamh an cheoil indie ailtéarnaigh áit a gcastar buillí hip hap macánta (à la Odelay Beck), slacker rock agus foinn bhinne cheolfhoirneacha ar a chéile. Bhí albam début an ghrúpa, Beautiful Freak (1996), lán de loinneoga láidre agus amhráin a léiríodh go huaillmhianach nár fhág amhras ar éinne faoi ghliceas Matthew Oliver Everett mar liriceoir.

Muna bhfuil an début úd sáraithe ag Eels ó shin níor cheart go mbeadh aon náire orthu, ach bheadh dul amú ort más ag súil a bheifeá go ndéanfaidís amhlaidh lena 12ú halbam, The Deconstruction.

Tús láidir leis an saothar é an rian ‘The Deconstruction’ féin. Amhrán lán teannais dhrámatúil é a bhuíochas do chóiriú na sreang, ach gealltanas gan chomhlíonadh mar sin féin. Seo albam ró-fhada a théann ar seachrán go minic. 

Is trua é easpa samhlaíochta an ghrúpa in ainneoin a gcumais theicniúil, ach an rud is measa faoi The Deconstruction ná leisciúlacht Everett na bliana 2018 mar liriceoir. 

Más léir aon téama ar leith sna hamhráin seo is é sin athbheochan an mhisnigh agus streachailt dhearfach in aghaidh an anfa, ach níl ach glagaireacht i gceist le línte mar “Today is the day that you’ll see me as the man who will always change / Who knows the only things to count on are life is quick and life is strange” (‘Today Is The Day’). 

Tugann amhráin mar ‘Premonition’ agus ‘Be Hurt’ faoi fhuaim thnáite ceol tíre sól, ach is cuma más óna chroí a chuireann Everett línte mar “It’s not the weight you carry, but how you carry it”“Though it looks like it’s the end, you can’t see around the bend” i láthair táid ró-lag le do mhealladh.

Éiríonn níos fearr le téama grá-in-aimsir-an-athraithe-aeráide an ‘Sweet Scorched Earth’ leath-mhagúil (“There’s poison in the water and in the sky / We’ll hold onto each other if we fry”). 

Ní leor é, faraor. Tá R&G siosctha ‘You Are The Shining’ níos gaire do stíl Imelda May ná Iggy & The Stooges, agus an t-aon rud maith gur féidir liom a rá faoin mbailéad pianó lagmheasartha ‘There I Said It’ ná gur mheabhraigh sé dom chomh hiontach is atá amhráin phianó Tom Waits.

Tá lá Eels caite, agus is cur amú ama a fhormhór de The Deconstruction, 

SCÉALTA EILE