Fanfare Ciocarlia – It Wasn’t Hard To Love You (Asphalt Tango)
Saothar sluachistithe mar cheiliúradh ar bhunú an bhanna práis Rómánaigh Fanfare Ciocarlia cothrom an ama seo 25 bliain ó shin.
Tá leagan spleodrach an ghrúpa den ‘James Bond Theme’ i mo mhála dioscmharcaíochta agam le fada an lá ach ó tháinig an saothar nua seo dá gcuid tríd an bhosca litreach isteach tá muid ar fad sa teach seo meallta ag an leagan mór dúr d’amhrán Bill Withers, ‘Just The Two Of Us’, a chuireann tús leis.
Bhuail taom beag sciotaíola mé nuair a chuala duine d’amhránaithe an ghrúpa ag tabhairt faoin líne ‘I see the crystal raindrops fall, and the beauty of it all is when the sun comes shining through’ lena bhlas láidir Rómánach. Buail an cnaipe seinnte go gcloise tú!
Uffe – Words And Endings (On The Corner)
Tá an léiritheoir Danmhargach Uffe Christensen molta agam cheana sin iris seo mar léiritheoir óg a bhfuil tuiscint sheanchríonna aige ar conas ceol foncaí, anamúil a chruthú as seansamplaí díslithe fonc agus dioscó.
Ar ‘Words And Endings’ díríonn sé ar fhuaim i bhfad Éireann níos leithne agus níos eachtrúla ná mar a bhíos ag súil leis uaidh. Tá tionchar an tsnagcheoil spioradálta le clos chomh maith le rithimí na hAfraice, ach thar aon rud eile tá ‘Words And Endings’ faoi chomaoin ag oidhreacht dubcheoil agus fuaim iar-phonc na Breataine. Samhlaigh Theo Parrish ag roinnt stiúideo le Adrian Sherwood, abair.
Rabhadh don éisteoir: ní mór éisteacht le ‘Words And Endings’ trí bhabhta as a chéile sula ndéanann tú do bhreithiúnas féin air.
Pastor T. L. Barrett & The Youth for Christ Choir – I Shall Wear A Crown (Numero Group)
Seans maith go bhfuil glór Pastor T. L. Barrett cloiste agat cheana i ngan fhios duit féin, i bhfoirm shampláilte, ar ‘Father Stretch Out My Hands Pt. 1’ de chuid Kanye West.
Deirtear gur ag an diabhal atá an ceol is fearr ach léiríonn an bailiúchán ollmhór seo de cheol croíúil dóchasach Pastor T. L. Barrett agus a chór amhránaithe nach fíor sin i gcónaí. Caith súil ar an gceolchoirm seo a dhein sé do NPR le déanaí. Tá an fear seo 77 mbliana d’aois, cuimhnigh! Tá fáilte romhat.
José Gonzalez – ‘Local Valley’ (City Slang)
Ar Local Valley cloistear Gonzalez ag filleadh ar stíl shimplí a luathalbam. Canta i Spáinnis, Sualainnis agus Béarla is amhráin bheaga iad seo faoi cheisteanna móra eiseacha agus éiceolaíochta.
Ná bíodh leisce ort tabhairt faoi – tá glór Gonzalez, agus fuaim a mhéar ar shreanga a ghiotáir, chomh bog binn pléisiúrtha is a bhí riamh.