“The brass band is something of a social phenomenon, a brotherhood, part of the British way of life. Truly amateur bands are not merely haphazard groupings of players who happen to enjoy a ‘blow’. They havea more serious purpose, part of which is to given opportunity for the unfolding of artistic skill and experience in those whose daily tasks are all too often monotonous and unsatisfying, although necessary.” Ó eagarfhocal na hirise ‘The British Bandsman’, 1954.
Cuid d’oidhreacht chóilíneach na hIndia agus Phoblacht na hÉireann araon é traidisiún bannaí práise Impireacht na Breataine.
San India aimseoidh tú bannaí práise ag bainisí agus searmanais stáit agus reiligiúnacha.
Ar chúiseanna a bhaineann le stair na tíre seo ní minic a chífeá aithris dhíreach ar bhannaí máirseála na Breataine i bPoblacht na hÉireann lasmuigh den searmanas stáit, ach ná bíodh amhras ar éinne cad as ar tháinig an líon mór port spreagúil máirseála agus dáchéimeach atá fós á sheinm inniu ag grúpaí mar The Kilfenora Céilí Band.
Go deimhin, nuair a thugann bannaí ceoil druma-agus- fífe Dhaingean Uí Chúis faoi shráideanna feothanacha an bhaile ar lá an Dreoilín gach bliain is scigaithrís ar thraidisúin na mbannaí máirseála a bhfuil ar bun acu.
Ní sásamh íorónach amháin a bhfuil á bhaint ag muintir an bhaile as an gceol máirseála misniúil seo ach, mar a déarfadh an té a bhí riamh i láthair ag seó beo an Hot 8 Brass Band nó Hypnotic Brass Ensemble, tá fuinneamh tógálach ag baint le fuaim an bhanna práise.
Rud a thuig Hameed Khan nuair a bhunaigh sé an Jaipur Kawa Brass Band.
Tá a mhalairt cur chuige ag Khan is atá ag an Kilfenora Céilí Band. Dhiúltaigh muintir Chill Fhionnúrach d’uirlisí práis na hImpireachta cé gur leanadar ar aghaidh ag seinm ceol míleata ar ghléasanna traidisiúnta.
Ach ar ‘Dance Of The Cobra’ tá Jaipur Kawa Brass Band le clos ag casadh gach rud ó cheol dúchasach Rajasthan go ceol Bollywood ar uirlisí práis na hImpireachta.
Cónasc stíle é a chuirfeadh meadhrán ort, lán de dhrumaí buailte ar luas lasrach agus súnámaithe gealla de bhannafhuaim na huirlise práise. De réir dealraimh tá Khan tar éis ceol na hIndia a chur i gcómhthéacs iomlán nua leis an albam seo.
Gan cur amach ró-mhór a bheith agat ar an mbuncheol dúchasach nó ceoltéamaí Bollywood, ní furasta an méid sin a thuiscint i gceart, ach dos na cluasa seo tá cosúlacht éigin idir ceol misniúil Jaipur Kawa Brass Band agus ceol preabach ghrupaí Balcánacha mar an Kocani Orkestar.
Dála Kocani Orkestar agus a gcomhghleacaithe is i gcómhthéacs an tseó bheo is mó a bheadh fonn ort éisteacht (agus rince!) le Jaipur Kawa Brass Band – tá poirt mar ‘Thumri Baaja’ agus ‘Dil Ka Chor Mera Jab Aayega’ go diail iontu féin, ach cinntíonn dianas agus luas an cheoil seo go bhfuil tuirsiúil ar do chluasa roimh dheireadh an cheirnín.