Jape – This Chemical Sea (Faction)
5/5
“This chemical sea, where decisions go wrong,
Where you piss away life, where you drown your song.”
Sin iad na rudaí. Na rudaí a chuirfeadh le craobhacha thú, nó ag sciotaíl gháire.
An léaró dóchais a thugann misneach do dhuine teacht slán as anfa.
Is é bua an scoth-liriceora ár mothúcháin phríobháideacha fé dhúshláin agus áilleachtaí an tsaoil – agus gach idir eatarthu – a chur i bhfoirm focal i dtreo is go dtuigfeadh an t-éisteoir nach bhfuil siad ina n-aonar lena gcuid smaointe.
Focail a bhaineann greann éigin as an saol inmheánach, nó radharc úr ar aincheist aithnidiúil.
Frithchaitheamh fileata ar ár siar-fhéincheistiú.
Bua é a shileann as piacháin Morrissey agus Thom Yorke.
Ba léir ón dtús go bhfuil an bua céanna ag Richie Egan (Jape) – is cuma é sínte ar a dhroim ag breathnú go súil-leata ar ghlinnte an aeir i gcás a mhion-aintiúin ‘Floating’, nó ag strácáil leis an ainnise ar ‘The Hardest Thing To Do’.
Ní haon rud rúnda an bua úd – tá duais Choice don albam Éireannach is fearr buaite faoi dhó ag Jape (2008 agus 2011), agus do ghlac The Raconteurs seilbh ar ‘Floating’ dá seó beo – ach beifear ag súil go mbeidh ‘This Chemical Sea’ ar an albam a bhronnfaidh próifíl idirnáisiúnta ar Egan.
Ba cheart go ndéanfadh – tá ‘This Chemical Sea’ nach mór foirfe.
Mar a deir Egan féin, seo an chéad albam dá chuid go bhfuil fuaim shainiúil Jape ag baint leis ó thús go deireadh.
Popcheol gothach leictreonach le liricí mínádúrtha, domhain.
Tá slán fágtha ag Egan le buillí cearthaíocha agus giotáir speancacha ‘Ritual’, agus le briosc-bhuillí ‘Ocean Of Frequencies’.
Bam, bam, bam!
Pop-amhrán i ndiaidh pop-amhráin fhoirfe a bhfuil le clos anseo, caighdeán a chuid léirithe ardaithe ag Egan go leibhéal a chuirfeadh náire ar an bhformhór de léiritheoirí ceoil leictreonaigh na linne seo.
Mar a d’éirigh le The Knife agus Hot Chip roimhe, éiríonn le Jape an téad rite idir an popcheol agus ceol na gclubanna a shiúl go cosdaingean ar ‘This Chemical Sea’.
Ní féidir gan comparáid a dhéanamh le Caribou (tá ‘This Chemical Sea’ measctha ag David Wrench, a dhein meascadh ar albaim Caribou, FKA Twigs agus Jungle anuraidh), go háirithe sa tslí a bhfuil feidhm bainte ag Egan as cleasaíocht stiúideo chun tiús a chur lena ghlór mín, ach is cuma cé chomh máistriúil mar cheoltóir é Dan Snaith, níl liricí mar liricí ‘Seance of Light’ nó ‘I Go’ scríbhte fós aige.
Muna bhfuil duais Choice buaite don dtríú huair ag Richie Egan, íosfadsa mo hata.
Éist le Seance Of Light: