John Grant

Bíonn an fhírinne searbh.

I gcás John Grant bíonn sí idir thragóideach agus mheidhreach.

Más dubhach an dúch a shileann as peann iar-amhránaí The Czars tá greann tur ag baint le liricí an fhir mhóir a chuireann ag sciotaíl thú ar uairibh, is cuma chomh truamhéalach, fiú fiúranta, a chás.

I wanted to change the world,” a chanann sé ar ‘Queen Of Denmark’, “But I could not even change my underwear, And when the shit got really, really out of hand, I had it all the way up to my hairline, Which keeps receding like my self confidence.”

Níor cheart go mbeadh lagmhisneach ar Ghrant ag an bpointe seo. Is cuairt ghaisce é an taifead beo seo leis an BBC Philharmonic tar éis do Ghrant dhá albam aonair den gcéad scoth a eisiúint le ceithre bliana anuas atá tar éis lucht leanúna dílis a bhronnadh air.

Bíodh is go bhfuil sástacht Ghrant leis an adhradh seo soiléir le clos le linn an taifeadta níl aon éalú ó ábhar an dornáin amhrán a roghnaíodh don athchóiriú ceolfhoirneach beo.

Tugann Grant go fileata ionraic faoi gach dath den ngrá, ó theas geana an bhláthaithe go naimhdeas nimhneach an scartha.

Seo iad mothúcháin amhránaí homaighnéasach craobhscaoilte i mbaratón, ach gan aon ghimic margaíochta i gceist.

JohnGrantBBCPhilarmonic

Má tá sé le tuiscint ó liricí an amhráin ‘GMF’ go raibh brú ar Ghrant a homaighnéasachas a cheilt tráth dá shaol – “I should have practised my scales, I should not be attracted to males, But you said that I should learn to love myself, Make up your mind, Doctor Frankenstein” – is fada é sin caite uaidh aige mar chluiche fichille.

Is é an grá an grá, agus níl sé i gceist ag Grant an lae inniu a leithscéal a ghabháil le héinne as scaoileadh le línte mar “Remember how we used to fuck all night long, Neither do I cos I always passed out, I needed lots of the booze to handle the pain” (‘You Don’t Have To’).

Amhrán é ‘Glacier’, le liricí mar “No one on this planet can tell you what to believe, People like to talk a lot, and they like to deceive”, a bheadh ina ábhar misnigh d’éinne a bheartaigh riamh snámh in aghaidh an easa, is cuma cén comhthéacs a bheadh i gceist.

Má tá locht le fáil ar ‘With The BBC Philharmonic Orchestra’ is é go bhfuil Grant chomh muiníneach sin as a ghlór iontach, saibhir féin nach mbacann sé i gcónaí le fonn láidir a chumadh mar thionlacan dá chuid liricí.

Fágann sin an BBC Philharmonic ag iomlasc sa chúlra ar amhráin mar ‘Vietnam’ agus ‘Marz’ de bharr easpa ábhair sheisigh ar féidir dul i ngleic leis go sásúil.

Mar a dúirt an coraí Giant Haystacks ar an Late Late Show fadó, ní féidir sailéad sicín a dhéanamh as cac sicín!

Bíonn an fhírinne searbh.

SCÉALTA EILE