Cé gur rugadh é i Minneapolis na Stát Aontaithe is amhránaí snagcheoil le fuil Phanamach agus Éireannach ag rith tríd a chuid féitheacha é José James.
Is lúfar corraitheach a stíl amhránaíochta -samhlaigh go raibh mac macánta ag Gil Scott Heron a chaith laethannta a óige ag éisteacht le D’Angelo agus Billie Holiday.
Is iontach an rud é go bhfuil éirithe ag fear le glór chomh mealltach le José James teacht chomh fada (seo anois albam uimhir a ceathair uaidh) gan géilleadh do lucht na ndollar mór.
Agus an t-albam seo á eisiúint ag lipéad Blue Note tá cos á leagadh ag James taobh istigh de dhoras Theampall Déithe an cheoil ghoirm, ach is mar shaorfhear atá sé ann sa mhéid is gur tógra agus taifead féinmhaoinithe é No Beginning No End.
Deir James go raibh tionchar láidir ag ceol hip hop ar No Beginning, agus tá sé le clos.
Ní hé go bhfuil James iompaithe ina rap-amhránaí – tá blas luath-cheol hip hop Native Tongue ar na drumaí truslógacha a thugann leid go raibh modh samplála bunusach hip hop mar thuasphointe cumadóireachta ag amhráin mar ‘Vanguard’ agus ‘Trouble’ (amhrán atá go mór faoi chomaoin ag ceol Al Green chomh maith).
Níos suimiúla ná sin, thug an modh cumadóireachta céanna saoirse do James seánra nua ann féin a cheapadh i gcás ‘Sword + Gun’.
Díséad leis an amhránaí Francach-Ailgéarach Hindi Zahra, is amhrán leithleach é sníofa as eilimintí den anam- cheol, dub agus ilrithimí ceol gnawa Mharacó – tá ard-phointe an albaim lofa leo.
Tá ‘It’s All Over Your Body’ ar nós Fat Freddy’s Drop dá gcaithfidís ábhairín níos lú raithní.
Níl No Beginning gan locht, ach an cuma má bhíonn ort bogadh thar chorr lag-iarracht mar ‘Come To My Door’ agus ‘Heaven On The Earth’ chun seod ceart d’amhrán grá mar ‘Bird Of Space’ a aimsiú?
Más suim leat ceol soul in aon chor bí cinnte cluas a thabhairt dó seo.