Julia Holter

“I hear a lot of music that’s just lazy – you know, people in their bedrooms singing some shit into the microphone. It’s just bad. But they’re like, “this is art”. Julia Holter, Pitchfork 2012

Bhí uair ann nuair a bhí ar cheoltóirí a gcumas a chruthú sara scaoilfeadh lipéad ceoil isteach sa stiúideo iad. Le theacht na réabhlóide digití tá sin ar fad tar éis athrú – níl uait ach micreafón agus ríomhaire glúine chun d’amhrán a thaifead agus a chur in airde ar Soundcloud roimh bhricfeasta.

Agus tá na fir A&R ag faire agus ag éisteacht – is ar Soundcloud a d’aimsigh Gilles Peterson roinnt mhaith de na rianta atá le clos ar an mbailiúchán is deanaí sa tsraith ‘Brownswood Bubblers’.

Tá greim an chaipitleachais ar an dtionscal ceoil ag lagú, cinnte, ach leis an tsaoirse nua seo tá freagrachtaí breise.

Tá an t-uafás ceoil lagmheasartha ag cúngú na mbealaí leathanbhanda, ach ar cheart go mbeimís ag iarraidh ar cheoltóirí tabhairt faoin bhféinchinsireacht? Níor cheart.

Is ait agus íorónach an rud é, ach ag an am a bhfuil an iris clóite ar leaba a bháis (R.I.P. Spin, Hip Hop Connection, International DJ, Jockey Slut, Melody Maker, Foggy Notions &rl) tá dualgas an iriseora chun an grán a scaireadh ón cháith i dtaobh gcursaí ceoil níos tábhachtaí ná a bhí riamh.

Focal sean-Ghréigise atá roghnaithe ag Julia Holter Los Angeles mar theideal ar a darna fadcheirnín, Ekstasis Domino.

Ekstasis: a bheith i do sheasamh áit éigin lasmuigh duit féin (gan a bheith as do mheabhair mar a thuigtear sa Ghaeilge é, is dócha!). Éifeacht tharchéimnitheach na healaíne a bhfuil i gceist aici, is dócha.

Ach tá brí eile leis an Ekstasis i gcomhthéacs a tuairime thuas luaite: ní mór do chumadóirí ceoil a bheith sásta seasamh siar agus fiúntas a saothair a thuiscint ó pheirspictíocht an éisteora nach iad.

Tá an bua úd soiléir le clos i gceol Holter, ní nach ionadh agus céim sa chumadóireacht bainte amach aici ón California Instutute of the Arts.

Sea, tá fuaim Julia Holte lonnaithe sa phaiste sin d’urthrá an phopcheoil ina mbíonn an gainneamh á fhliuchadh ag tonnta beaga na fíor-ealaíne staidéartha.

Talamh atá siúlta go grástúil ag leithéidí Kate Bush, Laurie Anderson, Meredith Monk agus Julee Cruise tráth.

Ceol mealltach órgánach saibhir lán de dhathanna aithreacha ar nós solas na gréine ag scagadh tríd duilleoga an fhómhair. Ábhar taibhsiúil.

Bíodh amhráin mar ‘Boy in The Room’ agus ‘Our Sorrows’ bunaithe ar dhordán leictreonach agus sraitheanna de ghlór Holter leagtha anuas ar a chéile, fós níl aon easpa cruinnis ná fócais le sonrú iontu.

Le ‘Marienbad’, ‘Moni Mon Amie’ agus ‘Four Gardens déanann Holter eilimintí den cheol Baroque a láimhseáil le slacht agus féinmhuinín nach bhfuil le haimsiú i gceol giodalach Julie Feeney.

Tá ‘Goddess Eyes II’ ar nós Kate Bush ag canadh thar cheol Kraftwerk casta ag leath-luas, agus léiríonn ‘In This Room’ féith Holter port guairneánach pop a cumadh nuair ba mhian léi.

Bí ullamh chun umhlú do bhanríon úr an phopcheoil cheirbrigh!

SCÉALTA EILE