Seachtain ón lá inniu beidh ceoltóirí, éisteoirí, grúipithe, scléipirí agus gach duine eatarthu ag triall ar an Sugar Club i mBaile Átha Cliath le haghaidh Ghradaim NÓS 2018.
Seo an tríú bliain as a chéile atá gradaim á reáchtáil ag NÓS chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí ceoil na bliana agus chun aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú in earnáil an cheoil chomhaimseartha Ghaelaigh.
Bronnfar ocht ngradam ar an oíche agus i measc na mbannaí a bheas ag seinm beo ar ardán tá fathaigh an cheoil dhomhanda Kíla, mórbhuaiteoirí na bliana seo caite IMLÉ agus na rapadóirí racánacha Kneecap.
In éineacht leo beidh an grúpa gormacha agus reigé Abhainn Bheara, mar aon leis na hamhránaithe Pádraig Jack agus Róisín Seoighe.
Is é rí an raidió agus na réicíochta Rónán Mac Aodha Bhuí a bheas mar fhear an tí don ócáid, a chraolfar beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 8in, Dé hAoine 12 Eanáir.
Más aon treoir iad imeachtaí Ghradaim NÓS go dtí seo is mór an chraic atá geallta.
Faigh do thicéad anseo thíos anois agus feicfidh muid ann thú!