Kíla sna Ceithre Chúige

Agus a n-albam úr Kíla – Alive réidh le seoladh acu, tá laochra Kíla ag cur tús lena 30ú bliain ar an fhód le camchuairt ar na ceithre chúige.

Sa Limelight i mBéal Feirste Dé hAoine seo, 16 Nollaig, a bheas a gcéad ghig ar siúl agus leanfar le sraith cheolchoirmeacha ar fud na tíre a thabharfaidh isteach sa bhliain úr iad le splanc cheolmhar.

“Le blianta beaga anuas tá muid ag tabhairt aghaidh ar an mbóthar an t-am seo bliana, ag filleadh chuig na háiteanna céanna agus tá ag éirí go hiontach leis an gcur chuige sin,” arsa Colm Ó Snodaigh.

Tá clú agus cáil ar Kíla mar cheann de na bannaí beo is spleodraí ar domhan agus beidh lúcháir ar an lucht éisteachta a cloisteáil go mbeidh albam nua Kíla -Alive á eisiúint le linn na camchuairte fosta.

Seo á gcéad albam beo le 12 bliain agus an chéad eisiúint ina mbeidh an píobaire, James Mahon, an ball is déanaí le teacht isteach sa ghrúpa, le cloisteáil air.

Le foinn úire agus seanphoirt, amhráin nuachumtha agus amhráin mhóra an bhanna, tá naoi rian ar an eisiúint úr, a taifeadadh agus iad ag seinm beo i dTamhlacht, BÁC, ní ba luaithe i mbliana.

“Tháinig an t-albam seo chugainn trí sheans agus deirtear gurb iad na rudaí a thagann trí sheans na rudaí is fearr, ” arsa Colm le NÓS.

Mhínigh Colm nach raibh an grúpa ag súil le halbam beo a chur amach agus go bhfuil rud éigin speisialta faoin oíche i dTamhlacht ar mhian leo a roinnt.

Mar atá a fhios againn go maith, ní nós leis an bhanna seo a bheith díomhaoin agus geallann Colm go mbeidh an-chuid ceol úr á chumadh, á chleachtadh agus á chur amach ag Kíla le linn 2017.

Kíla go deo!


Naoi nIonad, Ceithre Chúige, Kíla Amháin:

16 Nollaig – Limelight 2, Béal Feirste

18 Nollaig – Dolan’s, Luimneach

22 Nollaig – Button Factory, Baile Átha Cliath

23 Nollaig – Monroes, Gaillimh

28 Nollaig – Cyprus Ave, Corcaigh

29 Nollaig – De Barra’s, Cloch na Coillte, Corcaigh

30 Nollaig – INEC Acoustic Room, Cill Airne, Ciarraí

1 Eanáir – Fence Club, An Mhuileann gCearr, An Iarmhí

7 Eanáir – An Mermaid, Bré, Cill Mhantáin

SCÉALTA EILE