Tá cáineadh géar déanta ag polaiteoir de chuid an DUP ar an mbanna ceoil Kneecap mar gheall ar an “iompar scannalach” a spreag na rapadóirí ag a ngig i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo.
Chuir Kneecap, banna ceoil de thriúr as iarthar na cathrach, deireadh lena gcamchuairt náisiúnta ina gcathair dhúchais Déardaoin, i ndiaidh dóibh gach uile thicéad do ghigeanna eile ar fud na hÉireann a dhíoladh i mí Feabhra.
Bhí Móglaí Bap, Mó Chara, agus DJ Próvaí ar ardán an Empire i lár Bhéal Feirste Déardaoin agus an teach lán go béal le lucht a leanta. Mar a rinneadh le linn gigeanna eile níos túisce an mhí seo caite, scaipeadh físeáin ghearra agus grianghraif den choirm cheoil ar na meáin shóisialta.
Cloistear i gcuid de na físeáin a scaipeadh an slua ag béiceach ‘Get the Brits out now’ agus maítear gurbh iad an banna ceoil a ghríosaigh an slua chun canta.
DUP condemn ‘Brits Out’ chants at @belfastEmpire in south Belfast during gig by @KNEECAPCEOL on Thursday night. pic.twitter.com/5qBoQUtBTs
— Mark Simpson (@BBCMarkSimpson) March 3, 2019
Dúirt an CTR Christopher Stalford, ón DUP, gur “cantaireacht lán fuatha” a bhí ar siúl ag an slua agus mhaígh sé go bhfuiltear ag iarraidh an ruaig a chur air féin agus ar a chlann amach as an gceantar nuair a chantar ‘Brits Out’ agus a leithéid de mhanaí.
Níor léir ón bhfíseán arbh iad saoránaigh de chuid an Tuaiscirt a bhfuil féiniúlacht Bhriotanach acu nó lucht riaracháin na Breataine in Éirinn a bhí i gceist ag Kneecap agus an teachtaireacht faoi ‘Brits’ á scaipeadh acu.
“Tá mo dháilcheantar ar cheann de na cinn is ilchineálaí ó thaobh cultúir de sa tír. Cháinfinn a leithéid de ráiteas a dhéanfaí faoi aon ghrúpa eile agus tá súil agam go gcáinfidh gach ceannaire i mBéal Feirste Theas a leithéid d’iompar scannalach go géar,” a dúirt Stalford i ráiteas a d’eisigh sé faoin eachtra.
Ba go magúil a ghlac na ceoltóirí, a bhuaigh go leor gradam ag Gradaim Cheoil NÓS ag tús na bliana, leis an scéal a foilsíodh ar an Belfast Telegraph faoin ngearán a bhí ag Christopher Stalford fúthu.
HAHAHA IM IN THE PAPER MAMAÍ pic.twitter.com/coph0lwncG
— KNEECAP (@KNEECAPCEOL) March 3, 2019