Kodaline… as Gaeilge!
'Lig don ghrá isteach i do chroí'

Tá a gcuid amhrán aistrithe go Gaeilge ag scoláirí Choláiste Lurgan agus eile roimhe seo ach anois tá Kodaline féin ag ceol ceann dá n-amhráin inár dteanga féin.

Ba ar chlár Eoghan McDermott ar 2fm a seinneadh an leagan seo de ‘Love Will Set You Free’ agus tá liricí Gaeilge an amhráin le feiceáil san fhíseán a chuir an stáisiún leis an taifeadadh.

Is scéal an-dearfach é go bhfuil ceann de mhórbhannaí na linne ag ceol as Gaeilge agus dúradh linn gur féidir bheith ag súil lena thuilleadh amhrán Gaeilge ó ghrúpaí aitheanta eile ar an bhliain seo chugainn – coinnigh súil ar an spás seo.

Anois, gach duine le chéile…!