Kofū II agus Albaim eile na Míosa

Meitei – Kofū II (Kitchen)

Ón mbliain 2018 i leith tá sraith albam eisithe ag an léiritheoir ceoil Seapánach Daisuke Fajita (Meitei) a dhéanann machnamh ar shaol mhuintir a thíre dhúchais sa seanam i bhfoirm ceol impriseanaíoch sampla-bhunaithe. Stíl í a chuireann saothar J. Dilla agus Steve Reich i gcuimhne dom babhtaí ach a bhfuil blas iomlán Seapánach air mar sin féin.

Tá an ceathrú halbam seo dá chuid, Kofū IIlán de scéalta fuaime leath-inste faoi samuraí fánacha, áitribh thréigthe, sleamhnú an tseanóra i dtreo an bháis, misneach dochoiscthe na hóige, agus feallmharfóirí i bhfolach i marbh-sholas an laindéir páipéir.

Ealaíonta.

Ceoltóirí Éagsúla – ‘Essiebons Special 1973 – 1984 // Ghana Music Power House’ (Analog Africa)

Ceiliúradh atá sa tiomsúchán iontach seo ar shaol an léiritheora Gánaigh Dick Essilfie-Bondzie. 

Mar úinéir na lipéad Dix agus Essiebons, bhí Essilfie-Bondzie freagrach as plúr na gceirníní highlife agus Afra-func le ceoltóirí mar Ebo Taylor, C.K. Mann agus Gyedu Blay Ambolley a thaifeadadh agus a eisiúint ó thús na seachtóidí isteach sna hochtóidí.

Funcaí go smior, tá an rogha seo ag cur thar maoil le spiorad síceadéalach Gána na 70í.  Fiú agus breis agus mí caite agam ag éisteacht le Essiebons Special 1973 – 1984  bíonn iontas as an nua orm i gcónaí faoi chomh lúfar, beo-aigneach is bhí na ceoltóirí seo, agus faoi chomh neamheaglach, paiseanta agus a thug siad faoi chóiriú an cheoil seo.

Bhí Essilfie-Bondzie féin páirteach i gceol an chnuasaigh seo a roghnú díreach sular cailleadh é i mí Bealtaine 2021 agus é 90 bliain d’aois. Molaim, go háirithe, ceithre rian de chuid Ernest Honny atá roghnaithe aige nár eisíodh cheana. Níl a shárú le fáil ó thaobh obair mhéarchláir de. 

Ignacio Tardieu – ‘Fades To Grey’ (Greyscale)

Bunfhuaim na stíle dub-teicneo lúbtha i ndeich gcruth éagsúla ag an dj/léiritheoir as Madrid, Ignacio Tardieu agus ag fearadh fáilte romhat éalú isteach i ndomhan domhain fuaime. 

Ceol máistriúil, meisciúil, meicniúil. 

Bain craitheadh as na ballaí faid is atá tú ar d’aonair ag baile, nó caith ort na cluasáin is dún do shúile. 

SCÉALTA EILE