Kris Kristofferson, Sister Sinéad agus an tSaoirse

Cailleadh laoch liom le deireanas. Bhí dúil mhór agam i gcónaí in outlaw country agus ceoltóirí cáiliúla an fhosheánra mar atá Johnny Cash, Townes Van Zandt, agus Kris Kristofferson a bhásaigh ar an 28 Meán Fómhair 2024.

Mar a fhágann bás Kristofferson é, níl fágtha againn anois ar an tsaol seo ach duine amháin den tsárghrúpa cheol tíre The Highwaymen. Is é Willie Nelson an t-aon duine acu atá fós linn; tá Kristofferson, Cash, agus Waylon Jennings ar shlí na fírinne. 

Laochra liom iad uilig. Agus mé ag fás aníos bhí go leor amhránaithe agus grúpaí a bhí cáiliúil, mar atá Britney Spears, The Spice Girls, Westlife, The Backstreet Boys (sin deich soicind ag smaointiú agus mé ag cloí leis an Bhéarla) ach nár mhothaigh mé dáimh leo. Bhí siad ag ceol faoi rudaí nár bhain liom féin. Ach Kristofferson agus a chairde, labhair an brón lom duairc ina gceol liom.

Cé nach raibh mé ach tuairim is 10 mbliana d’aois nuair a cailleadh Cash agus Jennings, bhí dúil mhór agam sa cheol sin. Bhí mé sna luathdhéaga, is dócha, nuair a thosaigh mé a chur suime in ionrachas duairc a gceoil. Mhothaigh mé, agus mé ag dul in aois, gur dhaoine iad seo a thuig mo shaol nó a chaith saol a d’fhág orthu roinnt mhaith de na mothúcháin a d’airigh mé ionam féin. Bíodh sin briseadh croí, dóchas go dtiocfadh feabhas ar an tsaol, uaigneas ginearálta, nó frustrachas leis an ealaín. Phléigh siad an dúil san alcól a ghabhann le brón fadtéarmach agus na contúirtí a ghabhann le bealtaí áirithe éalaithe a úsáideann daoine anseo is ansiúd. 

Chorraigh roinnt de na foclaí a chuir Kris Kristofferson le chéile mé go háirithe. Sílim go mbaineann sin le nasc a mhothaigh mé idir é agus ealaíontóirí áirithe Éireannacha. 

Agus an scéal go raibh sé marbh faighte agam, is é an t-amhrán leis To Beat the Devil a rith liom ar dtús. Amhrán é seo ina bhfuil amhránaí bocht i ndiaidh gabháil isteach i mbeár agus ina molann seanfhear istigh sa bheár chéanna leis nach fiú saol an ealaíontóra:

If you waste your time a-talkin’ to the people who don’t listen,
To the things that you are sayin’, who do you think’s gonna hear.
And if you should die explainin’ how the things that they complain about,
Are things they could be changin’, who do you think’s gonna care?

There were other lonely singers in a world turned deaf and blind,
Who were crucified for what they tried to show.
And their voices have been scattered by the swirling winds of time.
‘Cos the truth remains that no-one wants to know.

Amhrán é seo a tháinig amach in 1970 agus a labhair le filí, ceoltóirí agus eile is dócha. Mar is léir ón tsliocht thuas, molann an seanfhear (an diabhal nó an chuid díot féin atá réidh chun brionglóid an ealaíontóra a chaitheamh uait) nach n-éisteann an pobal go ginearálta leis an fhírinne gharbh a léiríonn roinnt ealaíontóirí. 

Níos mó ná fiche bliain i ndiaidh dó an t-amhrán sin a chur amach, léirigh an ceoltóir Éireannach Sinéad O’Connor fírinne nach raibh an pobal réidh dó nó sásta glacadh leis agus mhothaigh sí anfhala an phobail mar gheall air. Laethanta beaga i ndiaidh di an pictiúr den phápa a stróiceadh, thit an cúram ar Kris, é ina fhear an tí, í a chur i láthair ag ócáid. Agus é i mbun a dhualgais, chuir sé Sinéad in aithne mar “artist whose name’s become synonymous with courage and integrity.” 

Thosaigh an lucht féachana ag léiriú a míshástachta léi. Bhí léiritheoirí ag iarraidh ar Kris í a fháil ar shiúl ón stáitse ach ní dhearna Kris sin. Chuir sé lámh thart uirthi agus thug an chomhairle fhiúntach, “don’t let the bastards get you down.”

Ní raibh Sinéad ach i lár a fichidí fán am seo agus bhí sí “crucified for what she tried to show” – is cinnte nach raibh an domhan réidh don fhírinne a léirigh sí faoi mhí-úsáid san eaglais. Chum Kristofferson an t-amhrán ‘Sister Sinéad’ beagnach 30 bliain ina dhiaidh seo.

Rud eile a mhothaigh mé ná cosúlacht bheag idir dearcadh Kristofferson agus an dearcadh atá léirithe in ‘Saoirse’ an Ríordánaigh. 

Freedom’s just another word for nothin’ left to lose/Nothin’ ain’t worth nothin’, but it’s free,” a dúirt Kristofferson san amhrán chlúiteach ‘Me and Bobby McGee’ (1971).

Pléann Kristofferson, san amhrán seo, an dúil atá againn sa tsaoirse. Rud atá maith do phobal nó tír, dar ndóigh, ach don duine aonair, mar a fhaigheann guth an amhráin amach go ródhéanach, ciallaíonn sé nach bhfuil tú ceangailte le duine ar bith, nach bhfuil clann, céile, nó cúram agat nó ort. 

Mothaím, cé go bhfuil go leor difríochtaí ann, go bhfuil Seán Ó Ríordáin ag plé leis an rud chéanna sa dán ‘Saoirse’. Tá na línte ann, mar shampla, “Is loirgeod comhluadar daoine/Nár chleacht riamh saoirse,/Ná uaigneas.” 

Roimhe sin, scríobhann an Ríordánach, “Raghaidh mé síos ag lorg daoirse/Ón mbinibshaoirse.”

Is léir go bhfuil na smaointe céanna i bhfeidhm – thig le saoirse a bheith nimhneach nó frithir san anam nó gabhann uaigneas leis fosta. Duine nach gcleachtann saoirse, is lú an seans go mbeidh uaigneas orthu. Ach an duine a bhfuil saoirse aige, tuigfidh sé an fáth a bhfuil “nothin’”, “worth nothin’” ach go bhfuil sé “free”. Ní féidir an dá thrá a fhreastal, bíonn brón beag i gcónaí ann ach is cuid d’iontas an tsaoil é sin. Thuig Kristofferson go raibh fiúntas sa bhrón agus léiríonn sé go binn é ina amhráin.

SCÉALTA EILE