Agus Lá Cheol na Breatnaise á cheiliúradh inniu, 10 Feabhra, tá 5 amhrán roghnaithe ag an DJ, léiritheoir ceoil agus craoltóir aitheanta le Raidió Cymru, Dyl Mei, a thugann léargas ar ghluaiseacht cheoil na Breataine Bige!
1. ‘Pwysau’, le Adwaith
Grúpa cailíní iad Adwaith, as Caerfyrddin, réigiún i ndeisceart na Breataine Bige. Tá ‘Pwysau’ i measc na bpopamhrán dhá nóiméad is fearr a cuireadh amach ar an taobh seo de 1967.
Sheol siad an dara singil acu, ‘Haul’, inné!
2. ‘Codi Er Mwyn Pobi’, le Pasta Hull
Ciallaíonn Pasta Hull, pasta gránna, cé go bhfuil sé litrithe mícheart acu. Beirt deartháireacha as Caernarfon atá ag cumadh ceol sícideileach óna seomraí leapa.
Tá siad díreach tar éis a gcéad seisiún a thaifeadadh do chlár ceoil Huw Stephes ar Radio Cymru.
03. ‘Eniwe’, le Omaloma
Cuireadh síol Omaloma sa bhanna indie shoegaze ‘Sen Segur’, agus iad anois ar cheann de na bannaí Breatnaise is fearr dá bhfuil ann. Dá mbeadh ceol pop á sheinm ar an ghealach, seo mar a bheadh sé!
Eisíodh an t-amhrán seo go speisialta do Lá Cheol na Breatnaise!
4. ‘Clebran’ (R Seiliog’s Fa’ma Mix’) le Wermod
Cruthaíonn Wermod fuaimeanna aisteacha, agus thug siad na fuaimeanna sin do R-Seiliog. Agus é ar camchuairt ar fud na Breataine Bige ag déanamh athchúrsála ar cheol leictreonach, rinneadh athmheascán lúbach techno aislingeach den amhrán seo!
05. ‘Sebona fi’ le Yws Gwynedd
Bhuaigh ‘Sebona Fi’ Amhrán Breatnaise na Bliana in 2016 agus iad i measc na réaltaí is mó tóir i ndomhan an cheoil Bhreatnaise i láthair na huaire.
Seolfar LP úr le Yws Gwynedd i mí Aibreáin.
Beidh muid ag díriú ar Lá Cheol na Gaeilge amach anseo, a chairde! Coinnígí súil ar na leathanaigh seo!
Ceol Cymru abú!