Inniu déanfar ceiliúradh ar fud na cruinne ar shiopaí ceirníní agus ar an vinil cheolmhar a chuireann siad ar fáil.
Is é cuspóir Record Store Day ná béim a leagan ar an chultúr a bhaineann le siopaí ceirníní agus ar a ról i gcur chun cinn an cheoil sa lá atá inniu ann, go háirithe agus an ré dhigiteach faoi lán seoil.
Cuireadh tús leis an choincheap i San Francisco siar sa bhliain 2008 agus anois bíonn siopaí ceoil ar gach mór-roinn páirteach sa spraoi ar an tríú Satharn de mhí Aibreáin gach bliain.
Ní hamháin go seoltar eisiúintí speisialta vinile do RSD ach cuirtear ceolchoirmeacha agus imeachtaí éagsúla ar siúl sna siopaí féin.
Ar ndóigh tá siopaí neamhspleácha ceirníní anseo in Éirinn ag glacadh páirte i Record Store Day arís i mbliana agus tá ceol beo le linn an lae tríd beartaithe ag cuid mhór acu.
Seo liosta de na siopaí rannpháirteacha sna 26 chontae agus is féidir na siopaí sna 6 chontae a chuardach anseo.
Buail isteach chuig do shiopa áitiúil ceirníní Dé Sathairn 22 Aibreán mar sin agus cabhraigh leis an traidisiún ar leith seo agus an saol vinile a choinneáil beo beathach!