‘Lanquidity’ Sun Ra agus Albaim eile na Míosa

Conclave – Conclave (Love Injection)

Tá an compántas ceoltóirí seo, atá lonnaithe i gcathair New York, freagrach as ceann de na singlí is deise atá cloiste agam i mbliana, ‘Perdon’. Tá formhór an albaim début seo dá chuid chomh pléisiúrtha céanna leis.

Chuirfeadh glór mór maoth croíúil Cesar Toribo, ceann feadhna an ghrúpa, amhránaíocht Joe Dukie as Fat Freddy’s Drop i gcuimhne duit —  ach seachas fuaim reigé an ghrúpa Nua-Shéalannaigh, eascraíonn ceol Conclave as tobar ceoil house agus shnag-cheoil Afra-Laidinigh New York. 

Máistriúil.

Raxon – Sound Of Mind (Kompakt)

As an Éigipt ó dhúchas ach ag cur faoi in Barcelona, is léiritheoir teicneocheoil é Ahmed Raxon a dheineann imscaradh ar fhuaimeanna a mheaisíní ceoil mar a bheadh ceannasaí tancanna Gearmánach na seanré ann i mbun Blitzreig.

Is cuma é ag gabháilt do stíl IDM mhall chranrach leithéidí Autechre and Brainwaltera (‘Majestic’, Flyby’), teicneocheol funcaíáilte atá faoi chomaoin ag fuaim réabh Foul Play agus 2 Bad Mice (‘Journey Mode, ‘Vice’), leictreó (‘Outworld)  nó tréanteicneo lán dorda (‘El Multiverse’) tá faobhar ar bhuillí Raxon agus éifeacht ar leith lena chleasa cumadóireachta. 

Is mise Darth Vader agus TIE fighter atá i mo shean Ford Focus agus an ceol seo ar an steiréó agam is mé amuigh ag tiomáint istoíche!

Sun Ra – Lanquidity (Strut)

Dhein an pianadóir, cumadóir agus fealsúnaí snagcheoil Sun Ra (1914-1993) 125 albam a thaifeadadh le linn a shaoil. Cé nach bhfuil ach fíorbheagán acu cloiste agamsa, as na cinn a bhfuil tá Languidity ar an gceann is milse agus is réchúisí.

Taifeadadh thar oíche i stiúideo Bob Blank é tar éis do Sun Ra agus an Arkestra seinm ar an Saturday Night Show. Tá ceol an tsaothair atheisithe seo, a tháinig amach den chéad uair in 1978, thar a bheith leisciúil agus leachtúil, saor agus scaoilte. 

Cén diobháil do mhaidí a ligean le sruth ar feadh tamaill, a chara?

SCÉALTA EILE