Son Lux

Ceoltóir clasaiceach é Ryan Lott (Son Lux) a bhíonn i mbun taifeadta le Sufjan Stevens agus serengeti mar S/S/S, i mbun buillí hip hop a léiriú do rap-amhránaithe mar Busdriver is Beans, agus i mbun comhoibre le Richard Reed Parry ó Arcade Fire agus ensemble nua-chlasaiceach yMusic.

Fuaimníonn ‘Lanterns’ díreach mar a shamhlófá – meascán cliste bríomhar dos na heilimintí thuas luaite. Pléascadh agus casta uaireanta (‘No Crime’, ‘Lost It To Trying’), machnamhach agus éadóchasach uaireanta eile (‘Easy’, ‘Enough Of Our Machines’), is saothar iontach sainiúil é ‘Lanterns’ a mbeidh lucht éisteachta Arcade Fire agus Final Fantasy gafa leis go fada an lá.

SCÉALTA EILE