Bhí an fhéile Other Voices ar siúl i mBéal an Átha den chéad uair ag an deireadh seachtaine agus thapaigh mé an deis freastal uirthi. Níor éirigh liom freastal ar Other Voices riamh, cé is moite den ardán a bhíonn acu ag Electric Picnic, agus bhí mé ar bís an fhéile, a shamhlaítear den chuid is mó leis an Daingean, a fheiceáil, chomh maith le sciuird a thabhairt go Maigh Eo na nÉireannach Aontaithe.
Ba i Séipéal Mícheál Naofa i mBéal an Átha a reáchtáladh coirmeacha móra ceoil na féile agus líon teoranta ticéad ar fáil do na himeachtaí sin — chomh teoranta sin nár éirigh liom ceann a fháil. Mar sin féin, b’iomaí pub a bhí ar ‘Cosán Ceoil’ Other Voices, agus sruthaíodh coirmeacha an tséipéil beo i ngach aon cheann acu sin.
Láthair dhraíochta a bhí sa séipéal, a chuir go mór le hatmaisféar na gcoirmeacha ceoil, agus bhí caighdeán na craoltóireachta beo sách ard, cé gur chlis ar an gceangal uair nó dhó i gceann dena pubanna a raibh mé ann. Cé gur dheas a bheith istigh sa séipéal féin, is dóigh, ba dheas freisin a bheith i measc sluaite daoine i bpubanna éagsúla agus a bheith ar mo sháimhín só ag comhrá nuair nár chuir mé mórán spéise sa gceoltóir a bhí ar an ardán, agus ag éisteach nuair a bhí duine a thaitin go mór liom ann — eispéireas nach mbeadh ag an duine istigh.
Ar na ceoltóirí ab fhearr liom sa Séipéal, bhí Villagers, Séamus Fogarty, Little Green Cars agus Maria Kelly, ach tá na ceoltóirí sin mór le rá cheana féin. Cé gur dheas liom an deis iad a chloisteáil ‘beo’ ar an sruthú sna pubanna, b’fhearr liom dul amach ar an gCosán Ceoil agus ceoltóirí. nár chuala mé trácht orthu go dtí seo a chloisteáil. Pembroke agus Roe a sheas amach dom, chomh maith le Tebi Rex a thug taispeántas lán fuinnimh uathu sa Box Bar.
Bhí breis agus dhá scór ceoltóirí agus grúpaí ceoil i Maigh Eo ag an deireadh seachtaine, agus ar ámharaí an tseoil bhí Food Fleadh Bhéal an Átha ar siúl an deireadh seachtaine céanna, rud a chuir go mór leis an deireadh seachtaine trí chéile agus togha na beatha ar fáil ar shráideanna an bhaile.
Má bhí locht ar bith ar an bhféile, ba í an mhaoirseacht lag a rinneadh ar na pubanna ar an gCosán Ceoil. Tugadh bandaí láimhe dúinne a chláraigh don fhéile agus an rabhadh ann nach ligfí isteach sna pubanna muid dá n-uireasa. Ní amhlaidh a bhí, áfach, agus níorbh fhada go raibh na pubanna ar fad róphlódaithe le daoine, idir lucht na mbandaí agus lucht na lámh maol. Pubanna sách beag a bhí i gcuid mhaith acu agus níorbh fhéidir corraí iontu faoi mheán oíche ceal spáis. Is í mo thuiscint ar an scéal gur íoc úinéirí na dtithe tábhairne suas le €2,000 le bheith páirteach sa bhféile agus is dóigh nár leasc leo breis daoine a scaoileadh thar thairseach leis an airgead mór a chúiteamh.
Níor thosaigh imeachtaí móra na féile go dtí an tráthnóna, rud a d’fhág deis turasóireachta a dhéanamh i gceantar stairiúil Bhéal an Átha. Ar ndóigh, ba ann a tháinig an Ginearál Humbert i dtír i ‘mBliain na bhFrancach’ agus tá an áit lán seoda staire agus í caomhnaithe go maith ag muintir na háite.
Ní rithfeadh sé liom roimhe seo cuairt a thabhairt ar Thír Amhlaidh, ainm a thugtar go háitiúil ar an gcuid sin de thuaisceart Mhaigh Eo, ach tá mé ar bís dul siar arís agus tuilleadh amach a chaitheamh i Achaidh Chéide, an Dún Briste agus láthair chatha na nÉireannach Aontaithe.