Leagan Gaeilge de ‘Follow Your Fire’ eisithe ag Kodaline

Casadh leagan Gaeilge den amhrán ‘Follow Your Fire’ leis an mbanna ceoil Éireannach Kodaline tráthnóna ar RTÉ 2FM den chéad uair riamh ag an gcraoltóir aitheanta Eoghan McDermott. Tá ‘Ag Fadú d’Aidhme’ ar cheann de na hamhráin a bheidh ar an albam CEOL 2018 atá le heisiúint níos deireanaí i mbliana. 

Eisíodh i mí Aibreáin leagan Gaeilge den amhrán ‘Teenage Dirtbag’ leis an banna ceoil mór le rá Wheatus. Chuaigh Eoghan anonn go New York le físeán nua ceoil a thaifeadadh don amhrán seo. Inniu, d’fhoilsigh RTÉ 2FM físeán nua de Kodaline, a chaith tréimhsí leis an an gcoláiste ceolmhar Gaeilge Coláiste Lurgan in Indreabhán le linn a n-óige, agus iad ag canadh i nGaeilge.

Is comhthogra idir Conradh na Gaeilge agus RTÉ 2FM an t-albam CEOL 2018, atá ar bun anois ó eisíodh an chéad albam faoin teideal Snag ’05 trí bliana déag ó shin. 

Tá súil ag Conradh na Gaeilge go rachaidh an leagan nua Gaeilge i bhfeidhm “ní hamháin orthu siúd a bhfuil grá acu don Ghaeilge cheana féin” agus go spreagfaidh sé “pobal níos leithne ar fud an domhain” spéis a chur sa teanga. 


“Táim chomh bródúil agus buíoch gur ghlac Kodaline páirt i gCEOL 2018 lena leagan iontach Gaeilge de ‘Follow Your Fire’.  Is taifead den chéad scoth atá ann, agus táim ag súil go mór len é a roinnt lenár n-éisteoirí ar ball beag.  Tá spéis ollmhór ag daoine ar fud an domhain sa Ghaeilge, agus creidim go spreagfaidh ár n-albam CEOL 2018 tuilleadh spéise, ach go háirithe le linn Bhliain na Gaeilge 2018.  Coinnígí oraibh ag éisteacht leis an gclár le tuilleadh amhrán iontach a chloisteáil sna seachtainí amach romhainn,” a dúirt Eoghan McDermott. 

Beidh tuilleadh amhrán á n-eisiúint ó CEOL 2018 sna míonna amach romhainn agus beidh cóip den albam á thabhairt do gach dalta iarbhunscoile sa tír nuair a fhillfidh siad ar na scoileanna sa bhfómhar. Scaipfear 350,000 cóip den albam, idir chóipeanna crua agus leaganacha leictreonacha ar na daltaí. 

SCÉALTA EILE