Tá an Ardteist ag teannadh linn agus níl ach cúpla lá fágtha do scoláirí na tíre an píosa stáidéir deiridh sin a bhrú isteach roimh an dúshlán mór féin.
Agus ba i lár an stáidéir do scrúdú éisteachta na Gaeilge a bhí dalta áirithe amháin nuair a bheartaigh sé a chuid scileanna ceoil a chleachtadh chomh maith.
Bhain David Wallace leas as bogearra ceoil agus treoracha cáiliúla an scrúdaithe chun píosa ceoil damhsa a chumadh atá cineáilín difriúil ó rud ar bith atá cloiste agat riamh i gclub oíche.
Gach duine anois: “Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar..!”