Líadan ar ais sa bhaile

Deacair a chreidiúint, ach tá an grúpa ceoil Líadan ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód.

Is i 2004 a bunaíodh an banna, agus na baill uilig ag tabhairt faoin iarchéim sa cheol in Ollscoil Luimnigh.

Chun comóradh a dhéanamh ar na blianta atá caite le chéile acu, chuaigh an cailíní ar camchuairt timpeall na tíre i rith mhí na Bealtaine.

Tar éis bheith i Ráth Chairn Glas na Mí agus i Whelans na hArdcathrach, oíche amárach (Dé Sathairn) beidh siad ag filleadh ar Luimneach – an áit ar cuireadh tús lena n-aistear ceolmhar –  le gig in Dolans ar 8in.

De réir mar a thuigim, tá an grúpa ag ullmhú faoi láthair chun albam nua a thaifeadadh i rith an tsamhraidh.

Seans go gcloisfear mar sin cuid dá saothar nua anocht agus iad ag cur snas ar na traiceanna éagsúla.

Mura mbíonn deis agat freastal ar an gceolchoirm – tabhair cluas le héisteacht do cheachtar don dá albam atá eisithe acu go dtí seo: ‘Amhránaíocht agus Ceol Traidisiúnta’, nó ‘Casadh na Taoide’, chun a gcuid saibhris a aithint.

SCÉALTA EILE