Bruno Mars, Gaelaithe

Tamall ó shin chuir ár gcairde thall ag Nuacht24 cúpla físeán leis an cheoltóir óg as Doire, JJ Ó Dochartaigh, suas ar Youtube a mheall na mílte mílte cnag.

Ba é an trácht is mó a rinneadh thíos faoi na físeáin ná iarratais chun focail na n-amhrán a chur ar fáil mar sin cheap muidne go dtiocfaidh muid isteach le lámh chuidithe a thabhairt.

Foilsíodh liricí an dá amhrán is mó atá ag JJ – leagan Gaeilge de ‘Just The Way You Are’ agus ‘I’m Yours’ – in eagrán mhí an Mheithimh de NÓS agus seo anois iad ar líne.

Bainigí sult astu!

Díreach Mar Atá (Just The Way You Are) – Bruno Mars

Súile, súile, níos gile ná na réalta sa spéir is,
A gruaig, a gruaig, titeann sí go foirfe ar a guaillí,
Tá sí galánta, deirim léi achan lá.

Tá a fhios agam, tá a fhios agam, nuair a mholaim í ní chreideann sí mé,
Tá sé, tá sé chomh brónach sin nach dtuigeann sí mé,
Achan uair a deir sí ‘an bhfuil mé go deas?’, deirim léi…

Nuair a tchím d’aghaidh, níl rud ar bith a d’athróinn riamh,
Tá tú go hálainn, díreach mar atá,
Do mhiongáire, chuirfeadh sí stop leis an domhan ar feadh seal’,
Tá tú go hálainn, díreach mar atá.

A béal, a béal, chomh bog, is maith liom í a phógadh
Gáire, gáire, is féidir léi mo chroí a thógáil,
Tá sí galánta, deirim léi achan lá.

Ó a stór, a stór, a stór, a stór, ná hathraigh tú féin,
Ó tá tú foirfe mar atá, i mo bharúil féin,
Creid mé nuair a deirim go bhfuil tú ar dóigh, ar dóigh.

Nuair a tchím d’aghaidh, níl rud ar bith a d’athróinn riamh,
Tá tú go hálainn, díreach mar atá,
Do mhiongáire, chuirfeadh sí stop leis an domhan ar feadh seal’,
Tá tú go hálainn, díreach mar atá.

Sásta Go Deo (I’m Yours) – Jason Mraz

Chonaic mé mo chailín agus bhí sí go hálainn,
Níl bean ar bith eile atá leath chomh hálainn,
Thit muid beirt i ngrá agus muid ar an trá,
Phóg tú mé agus bhí mo chroí leáite,
Thit muid amach agus bhí mo chroí cráite,
Anois tá muid i ngrá agus tá gach rud go breá.

Is maith liom bheith anseo, nach deas bheith beo, sásta go deo, anseo,
Ná bac le fearg is brón, suígh ar do thóin, sásta go deo, anseo.

Oscail do shúile is bí liom féin,
Is rachaidh muid beirt i bhfad i gcéin,
Bí liom go deo na ndeor, a stór.
Oscail do shúile is bí liom féin,
Is rachaidh muid beirt i bhfad i gcéin, bí liom go deo na ndeor, a stór.

SCÉALTA EILE