Inniu Oíche Fhéile Eoin, nó Sin Seáin, nuair a lastar tinte cnámh ar fud na hEorpa chun lár an tsamhraidh a cheiliúradh agus chun sult a bhaint as na laethanta is faide den bhliain.
Traidisiún ársa é seo a shíníonn siar roimh theacht na Críostaíochta agus tá muidne anseo ar NÓS ag iarraidh ar Ghaeil ar fud na hÉireann filleadh ar ár ndúchas agus páirt a ghlacadh san oidhreacht bheo seo:
#OícheFhéileEoin (nó Oíche Sin Seáin) amárach a chairde Gael… lasaigí libh! Beannachtaí na Féile oraibh! pic.twitter.com/0b30rE4VUQ
— NÓS (@nosmag) June 22, 2015
Ní ionann sin is a rá áfach nach dtagann forbairt anois is arís ar an oidhreacht chéanna.
Dornán blianta ó shin d’eisigh an banna leictreonach as ceantar Bhostúin SAM, Passion Pit, a gcéad singil mór-ráchairte darb ainm ‘Sleepyhead’ agus istigh ann… bhí liricí Gaeilge!
Oiriúnach go maith don lá inniu, is iad “Oíche Fhéile Eoin, Ní thiocfaidh mé aniar” na focail a úsáideadh agus sampláil ó leagan Mary O’Hara den amhrán ‘Óró Mo Bháidín’ glactha acu mar chulrá an riain.
Tá sé cúláilte go maith agus is féidir éisteacht leis na liricí Gaeilge anseo thíos… bíodh Oíche Fhéile Eoin den scoth agaibh!