Fear, a ghiotár agus, m’anam, a leithéid de chrá croí.
Tá Sufjan Stevens tar éis filleadh arís chugainn le saothar fíor-phearsanta.
Mar a dúirt an Stevens féin faoi Carrie & Lowell in agallamh leis an iris Pitchfork i mí Feabhra, “ní haon tógra ealaíne é seo; seo mo shaol”.
Is máthair Stevens, a d’imigh ar shlí na fírinne in 2012, í Carrie an teidil.
Baineann formhór d’amhráin Carrie & Lowell le brón agus uaigneas Stevens dá huireasa.
Ach níl sé chomh simplí sin.
Ní minic a chonaic Stevens a mháthair is é ina gharsún; ar chúiseanna a bhain le halcólachas agus scitsifréine do thréig Carrie a clann óg agus Stevens in aois aon bhliain.
Cé gur dhein Carrie teagmháil gach ré seal lena mac le linn óige Stevens, is mar otharluí éaga i mbarda ailse a chuir Stevens aithne ar a mháthair ar deireadh.
“Amethyst and flowers on the table, is it real or a fable?”, mar a chanann Stevens ar ‘Death With Dignity.’
Tá grá an mhic dá mháthair soiléir le clos sna hainmneacha ceana a thugann Stevens ar Carrie san amhrán céanna (“tired old mare”) agus in ‘Fourth Of July’ (“my firefly”, “my little dove”, “my star in the sky” ) ach tá mothúcháin an chrá agus aiféala go láidir le clos freisin.
Ní bás amháin a bhfuil faoi chaibidil ar Carrie & Lowell.
Tá grá nár mhair agus smaointí féinmharfacha ann freisin.
Bíodh is go bhfuil cuma na hóige ar Stevens fós, is fear ag iarraidh ciall a bhaint as teacht a mheánaosachta a bhfuil le clos ar ‘Eugene’: “What’s left is only bittersweet, for the rest of my life admitting the best is behind me. Now I’m drunk and afraid, wishing the world would go away, whats the point in singing songs, if they’ll never even hear you?”
Ábhar meanmnach?
Ní hé, ach is beag duine ar an saol atá ar leibhéal Stevens mar chumadóir amhrán, agus fiú muna bhfuil freagraí ag Stevens ar cheisteanna móra “this vale of great surprises” (mar a thugann sé ar an saol seo san amhrán ‘The Only Thing’) éiríonn leis ábhar trom a láimhseáil go héadrom is go healaíonta.
Ó thaobh bhlas an cheoil de tá Stevens tar éis filleadh ar a rútaí acústacha.
Amhráin iad seo casta ar an ngiotár fuaimiúil don gcuid is mó, le tionlacan mothálach Thomas Bartlett (Anthony & The Johnsons, The Gloaming) ar an bpianó in áiteanna.
Is leor é.
Tá lón spioradálta ar an Carrie & Lowell aoibhinn.