Rud amháin faoin léiritheoir Matt Cutler, aka Lone, ná nach n-eisíonn sé drochalbam riamh. Ná albaim mhaithe, fiú.
Is é Levitate an 6ú halbam leis, agus ar nós gach ceann a tháinig roimhe, tá sé meallacach amach is amach.
Léargas uathúil Cutler ar an gceol iar-réabh i gcónaí é fuaim Lone: cordaí móra réabh leis na cúinní géara bainte díobh, ceobhrán séiseach ar stíl Boards of Canada, agus dornán de smúr luathcheol teicneo Detroit.
Tá athrú i gceist ó albam go halbam, chomh fada agus a bhaineann sé leis na heilimintí éagsúla a leagann Cutler béim orthu.
Ach go bunúsach, sin agat thuas príomheilimintí ceol hipearcrómatach Lone.
Tar éis eachtraíocht a magnum opus, Galaxy Garden (2012), dhírigh albam deireanach Lone (Reality Testing, 2014) ar bhuillí malla hip hop i dtraidisiún Madlib agus J Dilla (‘Meeker Warm Energy‘) agus ar dhrumaí sciotánacha house (‘Airglow Fires‘).
Ar Levitate tugann Cutler siar go luathlaethanta na stíle hardcore/jungal sinn.
Táim cinnte go raibh Cutler féin fós ag freastal ar an mbunscoil nuair a bhí na ceirníní crua atá mar spreagadh le haghaidh port mar ‘Backtail Was Heavy‘ agus ‘Triple Helix’ anseo á n-eisiúint ag lipéid mar Suburban Base sna 90í.
Agus b’fhéidir gur mar gheall ar a easpa taithí pearsanta ar cheol crua sa chomhthéacs stairiúil úd a éiríonn le Cutler instealladh séiseachais ar leith a chur i bhfuinneamh amh an cheoil úid.
Leis an ngiota sampláilte hip hop “My style is the craziest / No crew is playin’ us” – dord-druma deifreach agus atmaisféar uirbeach – músclaíonn ‘Vapour Trail’ íomhá intinne ionat de Future Sound of London in aimsir Accelerator, ach iad ag jamáil beo i stáisiún Grand Central Nua-Eabhrac i dteannta duine de rapálaithe na cathrach.
Shamhlófá Boards Of Canada athmheasctha ag Orbital le ‘Sleepwalkers’ gleoite, agus tugann aoibhneas réchúiseach rianta mar ‘Breeze Out’ agus ‘Hiraeth’ faoiseamh don éisteoir ó na buillí crua nuair atá gá leis.
Níl Levitate ach 34 nóiméad ar fad, ach tá blas ar an mbeagán. Faoin am a bheidh an nóta deiridh seinnte, beidh fonn ort do lastóir a chur san aer agus “cuir siar é” a bhéiceadh!