Machinedrum – Vapor city

Albam uimhir a deich ón léiritheoir ildánach Travis Stewart. Cónascadh fíneálta rithimí jungle/footwork/hip hop, ceol garage-house Nua-Eabhrac agus fuaim chorraitheach Burial is bunús leis an leagan is deanaí seo de ghlór Machinedrum.

Bunaithe ar bhrionglóid athfhillteach, seasann gach rian ceoil do cheantar áirithe don Vapor City, teideal an albaim.

Coincheap é nach bhfuil le sonrú sa cheol, agus cé go bhfuil nóiméid iontacha ann (‘Centre Your Love’, ‘Infinite Us’) níl éagsúlacht a dhóthain ag baint le ‘Vapor City’ le go mbainfeá sásamh ró-mhór as éisteacht leis ó thús deireadh. Maith gan a bheith iontach.