Ní baol d’fhuaim rac-cheoil hipí na 60aidí fad is atá Alex Ebert agus an naonúr eile sa ghrúpa Edward Sharpe and the Magnetic Zeros fós gníomhach.
Is fada an grúpa seo, atá lonnaithe i Los Angeles, ag déanamh mangaireachta ar a gcomhnascadh dearfach féin de dhaoncheol indie, rac-cheol sícideileach agus gaspal.
Ach ar Person:A, cloisfear den chéad uair iad gan duine de bhaill bhunaidh an ghrúpa ina gcuideachta, an t-amhránaí Jade Castrinos.
Is cailliúint mhór dóibh é imeacht Castrinos – bhí mór-amhrán aitheanta an ghrúpa, ‘Home‘, bunaithe ar idirghníomhú liriciúil agus cumann rómánsúil Castrinos agus Ebert – ach léiríonn an singil ‘No Love Like Yours’ agus fuinneamh tógálach ‘The Ballad of Yaya’ go bhfuil Alex Ebert singil ábalta go maith aintiún a chumadh do lucht freastail na bhféilte ceoil.
Ach ní sin amháin atá á sholáthar ar Person:A.
Tugann ‘Hot Coals’ faoi dhíomá an ghrá nár mhair. Le línte mar “Heavy the musk of tender love / Ashes beneath a tender rug” is trua nach bhfuil glór Ebert in ann don chur chuige falsetto atá roghnaithe aige.
Tuigfidh gach tuismitheoir brí na bhfocal “Aren’t you the freshness of a dream / If only I could protect you from me” in ‘Lullaby’ a scríobh Ebert dá iníon.
Is spéisiúil an macalla láidir de leagan Nina Simone de ‘Work Song‘ (amhrán Nat Adderley agus Oscar Brown Jr.) atá ag le sonrú ar ‘Uncomfortable’.
Mar amhrán le coinsias sóisialta, léiríonn ‘Uncomfortable’ gur cheart do Edward Sharpe and the Magnetic Zeros iarracht a dhéanamh an ródhóchas rómhilis a sheachaint níos minice.