Seo Imeall, an chéad albam aonair ó Mhairéad Ní Mhaonaigh, a bhfuil clú mór uirthi as a cuid fidléireachta agus as a cuid amhránaíochta leis an ghrúpa cáiliúil Altan.
Thuill Altan clú agus cáil ar fud an domhain as a gcuid ceoil a raibh blas láidir Conallach air.
San albam seo le Mairéad, tá tionchar a háite dúchais le sonrú sa rogha cheoil.
Ní bheidh díoma orthu siúd a bhfuil dúil acu i gceol an iarthuaiscirt leis an albam seo.
Tá masúrcaí agus highlands go leor anseo leis an tuaisceartach is ‘traidisiúnta’ agus is coiméadaí a choinneáil sásta.
Sin ráite, d’fhéadfaí a rá go bhfuil Mairéad i ndiaidh triail a bhaint as teacht i láthair níos ‘nua-aimseartha’ ar chúpla rian ar an albam.
Tá tionchar leictreonach Manus Lunny le sonrú in áiteanna, rud a chuirfeadh an chuid is fearr de rianta Capercaille i gcuimhne don éisteoir.
Lena chois seo, tá rogha iontach amhrán ar Imeall. Ina measc siúd, tá dhá amhrán nach gcluintear go rómhinc – ‘Aige Bruach Dhún Réimhe’, a leagtar ar Art Mac Cumhaidh, agus ‘Gardaí an Rí’ ó Ghaeltacht iarhuaisceart Thír Chonaill.
Tá teacht i láthair nuálaíoch le sonrú i gcóiriú na n-amhrán, agus éiríonn go hiontach leo.
I measc ardphointí eile an albaim seo, tá leagan úr den ‘Red Crow’, seancheanán de chuid Altan, agus an rian deireanach, ‘An Dro/Imeall’ ar port Briotánach é le hamhrán de chuid Mhairéid measctha isteach ann.
Is albam forásach, nuálaíoch, pléisiúrtha é seo, agus tá rud éigin do gach duine ann. Is fiú go mór seans a thabhairt dó.