Mala amú i bPeiriú

Cad é an rogha cheart don té atá ina athair baistí ar stíl cheoil nach bhfuil mórán beochta ná brí léi níos mó?

Treabhadh leis ar thalamh seasc, nó féachaint cad atá ar an taobh eile den chlaí ag bun an ghairdín?

Ceist í atá ag déanamh tinnis do Mark Lawrence (Mala) le tamall, déarfainn.

Mar léiritheoir ceoil, úinéir an chomhlacht ceirníní Deep Medi, bunaitheoir an chlub DMZ in Brixton, agus aon leath den díséad léiritheoirí Digital Mystikz (Coki an duine eile), is duine de cheannródaithe aitheanta na stíle dubchéime é Mala.

Dá albam deireanach, Mala In Cuba, d’fhéach Mala ar an taobh eile den chlaí ag bun a ghairdín ceoil agus d’aimsigh sé tír darb ainm Cúba.

Ba sciliúil mar a dhein Mala nódú (grafting) ar oidhreacht shaibhir cheoil Chúba i gcré na dubchéime an babhta úd.

I gcás Mirrors, thug sé aghaidh ar Pheiriú ar thóir inspioráide, ach, faraor, níl an toradh leath chomh meallacach le Mala In Cuba.

Bun agus barr an scéil ná nach mó ná méid a gcodanna formhór na raonta seo.

Tá dornán raonta troma dubchéime le haimsiú, rud a shásóidh na saighdiúirí doird atá ina lucht leanúna ag Mala ó thús (‘Looney’, ‘Cusco Street Scene’, ‘Markos’), ach níl mórán tábhachta leis an rinseáil de ghlóir Pheiriúch atá curtha ag Mala leo.

Éiríonn níos fearr le Mala nuair a dhíríonn sé ar an bhfuaim scaoilte, theibí a chloisimid ar ‘The Calling’, port a bhfuil macalla éigin ann de cheol Ry Cooder don scannán ‘Paris Texas’.

Is deas, leis, nuair a fhágann sé slán ag luas 140bpm an cheol dubchéime ar ‘Dedication 365’ mall mistiúil.

Tá drumaí creathánacha snagcheoil ‘4 Elements’ go diail freisin, ach téann sé thar fóir leis na painphíoba.

Babhtaí eile, cúlaíonn Mala siar rófhada ón urlár rince – níl faic déanta aige i gcás an leagan aige den bhailéad traidisiúnta Peiriúch ‘Cunumicita’ ach cúpla nóta doird a chur faoi bhun ghlór an amhránaí.

Mala imithe amú i bPeiriú.

SCÉALTA EILE