Marcus beo ar ardán

Gabha focal comhaimseartha é Marcus Mac Conghail a bhfuil borradh faoina chuid saothar le tamaillín anuas.

Dánta agus amhráin a bhíonn á gcumadh ag an Duibhlinneach deisbhéalach agus anuraidh eisíodh leabhar leis, Ceol Baile, a bhfuil rogha shultmhar den dá fhoirm le fáil ann.

Déanann sé cur síos ar a amhráin nuachumtha mar “dhánta a tháinig chugham le ceol” agus anois tá sé i gceist aige albam a sheoladh i bhfómhar na bliana seo.

“Dúrt liom féin go gcuirfinn albam des na hamhráin amach ach obair an leabhair a bheith curtha díom agam,” arsa Marcus le NÓS.

“Tuigeadh dom ansan gurbh fhearr na hamhráin a ghigeáil ar dtús le go gcuirfinn níos mó aithne orthu agus go dtuigfinn conas iad a chur i láthair.”

Sin díreach an rud atá déanta aige le sé mhí anuas agus gigeanna seinnte aige ag imeachtaí ar nós Club Fonn i mBaile Átha Cliath, an fhéile litríochta Imram agus sa Phuball Gaeilge ag Electric Picnic.

marcus-puball-gaeilge

Má chaill tú é go dtí seo ná bí buartha mar go mbeidh Marcus anois ar an ardán ag Cuileann Beo i Ranallach Déardaoin seo chugainn, 5 Márta, le haghaidh gig speisialta atá á reáchtáil le linn Sheachtain na Gaeilge.

Amhráin smaointeacha shéiseacha a bheas le cloisteáil ag an cheolchoirm, an mhórchuid acu úrnua mar aon le cúpla ceann a bhfuil taifeadadh déanta orthu cheana.

“D’eisigh RnaG cúpla amhrán liom roinnt blianta ó shin agus bhí amhrán liom, Cothú Dom, ar albam a léirigh Maitiú Ó Casaide, Amhrán do Phádraig, chun airgead a thiomsú do Phádraig Schaler a gortaíodh go dona is é ar J1 i SAM,” a mhíníonn Marcus.

Beidh an t-albam nua ar an chéad bhailiúchán iomlán dá chuid amhrán áfach agus beidh gig na seachtaine seo chugainn mar ullmhúchán den scoth aige agus é ag cur barr feabhais leis na rianta ar an eisiúint.

“Táim ag súil go mór leis an ngig ar an 5ú lá,” arsa Marcus linn, “agus tá fáilte roimh léitheoirí NÓS a bheith ann!”


Comórtas

Go deimhin is cinnte go mbeidh ar a laghad beirt Nósadóir i láthair ar an oíche mar go bhfuil dhá thicéad le buachan don cheolchoirm.

Níl le déanamh ach freagra na ceiste seo, mar aon le d’ainm, a chur chuig comortas@nos.ie faoi 5in Dé Máirt 3 Márta.

CEIST: Cad is teideal don leabhar dánta agus amhrán a d’eisigh Marcus anuraidh?


Marcus Mac Conghail: Amhráin Nua / Déardaoin, 5 Márta, 8.30in, Cuileann Beo, Gaelscoil Lios na nÓg, Bóthar Oakley, Ranallach, BÁC.

Tá €10 ar an doras agus tabhair leat do bhuidéal féin.

SCÉALTA EILE