Meallacacht Thundercat

Ní díomhaointeas is cúis go bhfuil The Beyond / Where The Giants Roam ar an gcéad saothar ó Thundercat (Stephen Bruner) le dhá bhliain anuas – tá cumas luathmhéarach an fhir ar stiallóga a dhordgiotáir le sonrú ar dhá cheann de mhór-albaim na bliana go dtí seo, To Pimp a Butterfly le Kendrick Lamar agus The Epic le Kemasi Washington.

Albaim mhóra, ardaidhmeannacha iad sin, ach níl The Beyond / Where The Giants Roam ach tuairim agus 17 nóiméad ar fhad.

Tá cúis leis an ngontacht.

Tá blas ar an mbeagán, is m’anam ach go bhfuil blas mínádúrtha duairc ar an mbeagán áirithe seo.

Tuigtear ó ráitisí atá craobhscaoilte ag Bruner ar Twitter le déanaí gur cailleadh roinnt dá cháirde “go héigéillí brúidúil” le blianta beaga anuas, agus gur saghas iarracht é The Beyond ciall éigin a dhéanamh dá shaol sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs an éagóra ciníche atá fós ina gné de shaol laethúil an fhir ghoirm i SAM na bliana 2015.

Tá crá Bhruner le clos ó chéad véarsa an chéad amhráin, ‘Hard Times’, ar aghaidh, agus na línte “I can’t feel my face, Where’s this cold dark place, This must be the end, Time to shed some skin” á scaoileadh amach aige ina ghlór mothálach falsetto.

“Search the cosmos, Smell the space dust, Find your way home” a chanann sé thar bog-línte leachtúla dordghiotáir agus éifeachtaí dríochtúla Flying Lotus ar ‘Song For The Dead’.

Sea, níl aon rud mar aintiún Thundercat don chóisir tí, ‘Sheit, It’s The X’ (2013), le clos anseo.

Tá obair mhéarchláir Herbie Hancock ar an ‘Lone Wolf and Cub’ tromchríoch chomh fíneáilte sin gur beag go n-éireodh leat idirdhealú a dhéanamh idir é agus stobhach sonach stiúideo Flying Lotus.

Fiú nuair a sheolann Bruner riff func inár dtreo ar ‘Them Changes’ dorchaíonn sé ár meanma le línte mar “Now I’m sitting here with a black hole in my chest, a heartless broken mess.”

Beidh lá eile ann don chóisir, tá aidhm níos troime i gceist leis an The Beyond meallacach.


SCÉALTA EILE