Cad é seo, go díreach?
An chéad dj-mheascán stiúideo oifigiúil le Kenny Dixon Jr, nó Moodymann mar is fearr aithne air, léiritheoir agus ceirneoir íocónach as cathair Detroit.
Tá cáil ar bhlas amh, anamúil léirithe de chuid Moodymann ach bíonn rogha ceoil i bhfad níos eicléictiúla le cloisteáil agus an fear céanna i mbun ceirníní sna clubanna.
Tá hip hop, ceol anama comhaimseartha (nó ‘nu-soul’), dioscó, snagcheol, US garage, house agus boogie le cloisteáil ar DJ-Kicks.
An bhfuil aon mhaith ann?
Níl, faraor.
Cuirtear tús maith le DJ-Kicks le dornán de rianta nu-soul agus hip hop suaimhneach (‘Serve This Royalty’ gleoite de chuid Cody ChessnutTT ina measc) ach titeann an tóin as cúrsaí le teacht rian uimhir 6, rian leamh fliuchshúileach de chuid Beady Belle ‘When My Angel Starts Cry’.
Leis an rogha úd, caitheann Moodymann thar bord pé fuinnimh a bhí ag baint lena shruth ceoil go dtí sin.
Botún é sin a dhéanann Moodymann arís is arís eile ar DJ-Kicks, agus amhráin ar bheagán func mar ‘Come Home’ le Little Dragon, ‘Remain’ le José Gonzalez agus ‘Our Darkness’ le Ann Clark á gcaitheamh isteach go ciotrúnta sa mheascán aige.
Fiú dá mbeadh earráidí den saghas sin seachnaithe ag Moodymann tá deabhadh rómhór ar an bhfear.
Tá 30 rian meascaithe in achar 80 nóiméad ar DJ-Kicks.
Ní dhéanann sé ciall go mbeadh rianta ag teacht chomh tiubh ar sála a chéile i gcás rogha ceoil atá chomh domhain leis seo.
Ní hé nach bhfuil rianta maithe i measc rogha Moodymann. Tá leithéidí Nightmares On Wax, Andrés, Marcellus Pittman, Dope, Les Sins, Tirago agus Shawn Lee ann, ach cén mhaith é sin mura bhfuil Moodymann sásta spás anála a thabhairt do phíosa ceoil sula gcaitheann sé port eile i do threo.
Laigí?
Lofa leo.
An breithiúnas?
Is iomaí lúb agus casadh sa turas ceoil seo ach níl mórán céille ag baint leis an bhformhór acu.