Metallica – Death Magnetic

Is é Death Magnetic an 9ú albam ó na laochra miotail Metallica, agus an chéad cheann a sheoladar ó St. Anger sa bhliain 2003.

Bhíothas ag súil go mór leis an albam seo mar fuair St. Anger léirmheasanna measctha ó na criticeoirí agus na leantóirí araon. Mar thoradh, bhí ceisteanna le freagairt ag sean-Daidithe an mhiotail an babhta seo.

Síltear, áfach, nach mbeidh mórán díomá ann faoi thorthaí na heisiúna nua seo. Deich rian atá ann ina bhfilleann an banna ar an bhfuaim gharbh ionsaitheach a thabhaigh meas agus cáil dóibh sa chéad áit nuair a bhris na miotalóirí isteach sa phríomhshruth leis an albam ollmhór Metallica (An tAlbam Dubh) thiar sa bhliain 1991.

Cúis amháin leis an athrú seo ná gurb é Rick RubinBeastie Boys, Slayer, Red Hot Chili Peppers, Johnny Cash srl. – a bhí taobh thiar den deasc measctha an uair seo, in áit Bob Rock a bhí ag obair leo le fada.

Faoi stiúradh Rubin, rinne an banna an chumadóireacht ar fad taobh amuigh den stiúideo, mar a rinne siad sna laethanta roimh Rock. Dá bhrí sin, nuair a bhain siad an stiúideo amach bhí gach duine réidh, compordach agus muiníneach as an ábhar.

Tá an chuma ar an scéal, ar an nóiméad seo ar aon nós, gur tháinig siad ar fhoirmle agus ar mhodh oibre atá níos oiriúnaí dóibh.

Is albam glórmhar, gasta agus ionsaitheach é Death Magnetic, agus tá sé soiléir go bhfuil na buachaillí ag baint suilt as a gcuid ceoil arís.

Cuireann That Was Just Your Life tús le slad feargach agus gasta, ionsaí a leanann ar aghaidh gan sos go dtí tús na heipice The Day That Never Comes. Amhrán casta agus fada é seo ina gcaitheann siad gach rud atá le fáil in armlón an ghrúpa orainn.

Ní cúis ionaidh é gur roghnaíodh an rian seo don chéad singil, mar taispeánann sé go bhfuil fuaim chlasaiceach Metallica ar ais arís, chomh trom is a bhí sé riamh.

Cé go bhfuil formhór na rianta gasta agus trom (seasann The End of the Line, All Nightmare Long agus Cyanide amach), tógtar sos beag le The Unforgiven III, amhrán suaimhneach a chruthaíonn codarsnacht mhaith leis an glór callánach ar fud an albaim.

I ndeireadh na dála, is ceirnín sábháilte é Death Magnetic, sa chaoi is go mbeidh na sean-éisteoirí i bhfad níos sásta leis, agus go bhfuil sé oscailte fós chun dul i gcion ar éisteoirí nua chomh maith.

SCÉALTA EILE