Midlake
Antiphon

Más beag an seans a bhí roimhe seo go sáródh Midlake riamh a seod-albam coincheapúil ‘The Trials of Van Occupanther’ is lú anois é tar éis do Tim Smith, príomhamhránaí Midlake, a chompánaigh i lár an locha a thréigint.

TÁ baill eile an ghrúpa le clos ag rámhaíocht leo ar ‘Antiphon’, an maidhc anois i lámha an ghiotaraí Eric Pulido. Ceirnín saibhir prog-rac sícideileach é Antiphon – is ceoltóirí damanta iad – ach ceann atá gann ar amhráin mhaithe.

Ar nós Bernard Sumner díreach tar éis bhás Ian Curtis, níl éirithe ag Pulido éalú faoi scáth Smith amach fós. An bhfuil fiúntas sa Midlake nua? Beidh le feiceáil.