Mixtape nua le seoladh ag Kneecap i mBaile Átha Cliath

Beidh an grúpa hip hap Kneecap, a tháinig chun cinn ag deireadh na bliana seo caite, ag seoladh a gcéad mixtape amárach i mBaile Átha Cliath. Tá seacht n-amhrán ar ‘3CAG’ a bheidh á sheoladh go hoifigiúil ag Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí sa Sound House agus an banna ceoil iomráiteach IMLÉ le bheith ar an ardán in éineacht le buachaillí Bhéal Feirste. 

Eisíodh ‘3CAG’, a ainmníodh as leasainm a thugtar ar an druga MDMA, ‘trí chonsan agus guta’, ar na hardáin idirlín an tseachtain ach seo an chéad uair a bheidh cuid mhaith de na hamhráin á gcasadh go poiblí ag an ngrúpa. 

Tá an grúpa ag dul ó neart go neart agus bhí siad le feiceáil beo ag dhá fhéile shamhraidh i mbliana cheana féin, Féile na Gealaí agus Body and Soul i gcontae na Mí níos túisce an mhí seo, agus beidh siad i láthair ag Electric Picnic ag deireadh an tsamhraidh, chomh maith le hOireachtas na Gaeilge agus féilte eile ar fud na hÉireann. 

Tharraing an grúpa aird idirnáisiúnta orthu féin mí na Nollag seo caite le feachtas glic bolscaireachta a mheall na mílte radharc dá bhfíseán ceoil ‘C.E.A.R.T.A’. Tuairiscíodh go forleathan gur chuir RTÉ cosc ar an amhrán ar a stáisiúin agus bíonn na ceoltóirí anois ag spochadh go minic as an gcraoltóir náisiúnta ina gcuid amhrán agus ar an ardán. 

Insítear scéal na gcarachtar Móglaí Bap agus Mo Chara ar na hamhráin nua-eisithe, idir throideanna le lucht slándála i gclubanna oíche, smugláil drugaí i gConamara agus achrann le madraí na ngardaí. 

Tá an Sound House lonnaithe díreach os cionn The Wiley Fox, ar Ché Éadain ar an taobh ó thuaidh den chathair, áit a mbeidh an Pop Up Gaeltacht ar siúl ag an am céanna. 

Fillfidh Kneecap ar an bhfód dúchais ag an deireadh seachtaine le seoladh speisialta a dhéanamh ar an mixtape sa gCultúrlann i mBéal Feirste oíche Dé Sathairn. Beidh an banna ceoil Abhainn Bheara agus an DJ Signor Bari ina dteannta an oíche sin. 

Is féidir ticéid a cheannacht do sheoladh Bhaile Átha Cliath agus do sheoladh Bhéal Feirste ar Eventbrite. Is féidir éisteacht le ‘3CAG’ ar Spotify.