Tá amhránaí agus ceoltóirí ban a bhí beo ar an saol idir 1912-1922 á gceiliúradh ar Fhéilire Aidbhinte Thaisce Cheol Dúchais Éireann (TCDÉ /ITMA).
Ag teacht le spiorad chomóradh 100 bliain 1916, tá féilire ceolmhar na bliana ón chartlann náisiúnta ceoil thraidisiúnta lán le hamhráin agus tiúineanna ó mhná a bhí beo ag tús an chéid seo caite.
Féilire idirghníomhach idirlín as an ghnách é seo a bhfuil smailc cheoil ar fáil gach lá as seo go dtí an Nollaig.
Tá aitheantas á thabhairt san fhéilire do mhná a raibh cáil orthu a ndeachaigh chun taifid agus mná eile nár fhág aon taifead fuaime ach a raibh iomrá an cheoil orthu.
I measc na laochra ban a bhí le feiceáil ar laethanta na Nollag go dtí seo, tá an t-amhránaí Catherine Talty, as Mullach, Contae an Chláir, a rugadh trí seachtaine roimh an Éirí amach; an fidléir Agnes Ní Chuinneagáin as an Seanach, Gleann an Bhaile Dhuibh, Tír Chonaill; beirt amhránaithe as Tír Eoghain Sarah-Anne O’Neill agus Lizzie Haughey; agus Lucy Farr, fidléir aitheanta as Oirthear na Gaillimhe (thuas ar dheis).
Is é Piaras Hoban, Oifigeach na dTionscadal Digiteach ag TCDÉ, a tháinig aníos leis an smaoineamh anuraidh nuair a bhí sé ag treabhadh fríd seantaifeadtaí sa taisce ceoil, atá suite i gCearnóg Mhuirfean Theas, BÁC.
Idir ábhar fuaime agus físe, is bealach spraíúil atá san fhéilire le haithne níos fearr a chur ar an stóras mór ceoil atá sa taisce.
Brú anseo le fáil amach faoi laochra cheoil an lae Lizzie Haughey, nó Lizzie Pheadair Joe mar ab fhearr aithne uirthi.
Na mná ceolmhara abú!