Ceoltóirí Éagsúla – Modeselektion 1

Cad é seo, go díreach?

Bailiúcháin den dord-cheol cros-síolrach is úire ar lipéad nua-bhunaithe Modeselektor Bheirlín, ceirníní Monkeytown.

Ocht bport déag ar fad de cheol nua agus eisiach ó eascartaigh mar Ramadanman, Bok Bok, Shed agus Cosmin TRG.

Agus tá seanfhondúirí mar Digital Mystikz, Apparat agus Modeselektor féin ann chomh maith!

An bhfuil aon mhaith ann?

Tá saibhreas scanrúil ag baint leis an gceol atá á chruthú ag an dream seo de léiritheoirí as an smionagar de cheol dubstep; blúiríní potaireachta na stíle úd á ngreamú ar ais le chéile acu le gliú techno Detroit, glitch hop uirlise agus UK garage chun cosán i treo na todhchaí a leagadh síos.

Téann Ramadanman i ngleic le tríríní rithimeacha ar Pitter leis an lúchair spórtúil a shamhlófá le garsúin maidin Nollag.

Ní shásódh aon rud Bok Bok Londain i gcás Say Something Stupid ach a chuid ceirníní grime, Chicago House, Mantronix agus King Tubby a bhrú isteach i mála taistil agus an rud ar fad a chaitheamh síos staighre an stáisiúin Tube.

Tá an éidearfacht a bhaineann le spás-taisteal agus leis an ngrá úr araon le braith ón Space Station Love Affair tonnúil le Cosmin TRG na Rómáine.

Func-bhuama de theannas lúbach é Das Geheimnis le Siriusmo na Gearmáine agus déanann Mala fuaim dancehall na n-ochtóidí a athlonnú go fáinní seachtracha Shatairn i gcás Explorer.

Laigí?

Dá mbeadh Kristall le Housemeister trí oiread níos faide bheadh sé seacht n-oiread níos sásúla. Ach díobháil laigeacht eile atá ag baint le Modeselektion 1!

An Breithiúnas

Bíodh is go bhfuil éagsúlacht luasanna le clos ar Modeselektion 1, cinntíonn comhthuiscint aeistéitiúil na léiritheoirí atá páirteach ann go bhfuil blas leanúnach ag baint leis.

Scoth-chnuasach do na cluasáin!

SCÉALTA EILE