Tá tábhacht ar leith leis na healaíona agus leis an gceol i mbliain seo na paindéime agus ó bhris an ráig amach in Éirinn i mí an Mhárta tá ceoltóirí na Gaeilge ag tabhairt faoin dúshlán le fonn chun ábhar nua a chumadh agus a eisiúint don phobal sa bhaile.
Go deimhin rinne amhránaithe, bannaí, léiritheoirí agus lucht eagraithe imeachtaí éacht nach beag le linn na dtréimhsí dianghlasála agus chuir a saothar go mór le saol an chultúir in am an ghátair.
Tá Gradaim NÓS ar ais don séú bliain as a chéile agus é de sprioc againn arís aitheantas a thabhairt do na daoine cruthaitheacha spreagúla sin a neartaigh saol an cheoil Gaeilge le 12 mhí anuas.
Is ar líne a bhí formhór an aicsin ar ndóigh mar sin in ionad na duaise le haghaidh ‘Féile na Bliana’, is gradam ar mhaithe leis an ‘Imeacht ar Líne’ is fearr a bhronnfar i mbliana.
Tá na gradaim eile mar an gcéanna leis an mbliain seo caite – ó Amhrán na Bliana go Físeán na Bliana agus gach ceann eatarthu – agus is féidir libh bhur moltaí do na rannóga éagsúla a chur chugainn go dtí an 2 Eanáir tríd an bhfoirm atá le fáil anseo thíos nó ar an leathanach seo.
Insígí dúinn mar sin cé na ceoltóirí, bannaí, amhráin, albaim, físeáin agus imeachtaí is mó a thaitin libh nó a sheas amach daoibh in 2020!
Foilseofar gearrliosta bunaithe ar bhur moltaí sa bhliain úr agus ansin bronnfar na gradaim ar líne i mí Feabhra 2021.
Is féidir léamh faoi bhuaiteoirí Ghradaim NÓS na bliana seo caite anseo.
No Fields Found.