‘Montage of Cac’

“If I don’t like myself how can I live, how can I like you?”
‘Rhesus Monkey’, Kurt Cobain

Bhí mé ann, fé mar a deir James Murphy ar ‘Losing My Edge’ LCD Soundsystem, nuair a chas tríréad anaithnid grunge darb ainm Nirvana mar ghrúpa tacaíochta do Sonic Youth sa Top Hat, Dún Laoghaire, ar 21 Lúnasa 1991.

Ní raibh ach cúpla céad duine sa seomra nuair a shiúil Cobain, Grohl agus Novoselic amach ar an stáitse.

Bhí morán den slua fós sa tábhairne, ach bhíosa i mo gharsún 14 bliain d’aois a bhí tar éis taisteal ón Ríocht ar a aonar, mé seasta lasmuigh nuair a d’oscail doirse an Top Hat ag 7:30in.

Thosnaíodar le ‘Smells Like Teen Spirit’.

Ba é mo chéad bhlaiseadh de cheol Nirvana agus baineadh an anáil díom ar fad.

Ba bheag nár inphléasc cnámha mo chliabhraigh ón ionsaí giotáir agus drumaí de ruathar, mé meallta ar fad ag fuinneamh amh, tógálach an ghrúpa.

Ní hé nach raibh Sonic Youth go maith, ach is faoin ngrúpa nua ó Seattle a bhí an slua ag caint ag deireadh na hoíche úd.

Eisíodh Nevermind mí ina dhiaidh, agus faoi Nollaig bhí Nirvana ar an ngrúpa ceoil is mó ar domhan.

Fiú ar an oíche bhí leochaileacht Cobain soiléir le feiscint.

D’fhan sé i bhfolach taobh thiar dá ghlib fhada fhionn, is níor labhair sé focal leis an slua.

ticead-ben

Íomhá é a fhanann liom is mé ag éisteacht leis an meanglam míshásúil d’amhráin leath-chríochnaithe, píosaí clos-cholláise agus rianta scigaithrise atá in Montage of Heck.

Má bhí fear riamh ann nach raibh fonn air go mbeadh a thaifidí baile is a smaointe príobháideacha nochtaithe os comhar an tsaoil gan chead, is é Kurt Cobain é.

Ceapadh Cobain mar “úrlabhraí na glúine X’ in aghaidh a thola agus é beo, ach ní raibh ann ach fear ag iarraidh ciall a dhéanamh dá shaol beag suarach féin.

Níl aon amhras ach gur thapaigh brú an chlú bás Cobain, is má tá meas in aon chor ag lucht a leanta ar an bhfear a bhí, mholfainn dóibh neamhaird a thabhairt ar Montage of Heck.

Ní hé go bhfuil aon rud fiúntach le clos ann ar aon nós.

Tá na luath-demos baile de ‘Been A Son’, ‘Something In The Way’, agus ‘Frances Farmer Will Have Her Revenge On Seattle’ ar na rudaí is spéisiúla, ach sin ráite níl mórán feola orthu.

Ní éisteoidh tú leo ach babhta nó dhó chun d’fhiosracht a shásamh.

Ditto leagan scríobach baile Cobain de ‘And I Love Her’ The Beatles.

Ní bheidh fonn ort athchúirt in aon chor a thabhairt ar mhíreanna labhartha mar ‘Aberdeen’ – cur síos masmasach Cobain ar scéal tragóideach a óige – nó an sruth comhfheasa éadóchasach ‘Rhesus Monkey’.

Tá iochtar an bhairille sroichte againn le Montage Of Heck. Tugaimis suaimhneas as seo amach d’anam Kurt Cobain.


SCÉALTA EILE