Moonbuilding 2703 AD

Maireann céadghrá go deo, agus bhí cion riamh agamsa ar luath-eisiúntí The Orb.

Is iontu a chuireas aithne ar dtús ar dhord domhain agus éifeachtaí athphreabtha an dub reggae.

I bhfad roimh dom ceol King Tubby nó Joe Gibbs a chlos bhínn ag déanamh iontais dos na fuaimeanna mínádúrtha a bhí le clos ar phoirt mar ‘Towers of Dub’ agus ‘Outlands’ The Orb.

Ní fíor-dhub reggae a bhí ann, dar ndóigh, (ambient house a thugtaí air) ach tá dord-líne Jah Wobble ar an singil ‘The Blue Room’ (1992) le The Orb fós ar cheann dos na dord-línte dub is giorra dem’ chroí.

Cén grúpa ach The Orb a bhainfeadh cairt na singil amach le port ar a raibh eilifint ag scaoileadh broim le clos taobh le Marilyn Monroe ag canadh ‘Happy Birthday To You’?!

Nuair a iarradh ar The Orb dul ar Top of The Pops chun ‘The Blue Room’ a sheinnt ‘beo’ (tá sé fós ar an singil is faide riamh a bhain cairt na singil i Sasana amach, é 39 nóiméad agus 57 soicind ar fhad), bheartaíodar suí in airde ar stáitse agus cluiche fichille a imirt.

Cén neart ar sheafóid ach a thuilleadh seafóide?

Ag an bpointe seo in éabhlóid an cheoil leictreonaigh ní bheifeá ag súil le haon rud réabhlóideach ó The Orb, ach ní shin le rá nach bhfuil draíocht fós ag baint le suathaireacht fuaime Alex Paterson agus Thomas Fehlman.

Níl ach port amháin as na ceithre chinn anseo faoi bhun 13 nóiméad ar fhad – ach fada gan a bheith fadálach, eachtrúil gan a bheith fánach.

Gaineamh reatha mealltach é ‘Moonscapes’ de shintéiseoirí aoibhne sícideileacha, uigeachtaí tomhaiste dub-techno agus dord-línte láidre.

Tá ‘God’s Mirrorball’ tógtha as fuaimeanna siosarnacha comhthimpeallacha agus fonn simplí eadrannach marimba, agus an gcloisim giota beag de ‘Think Twice’ le Donald Byrd (an giota céanna a roghnaigh Lisa Lisa & Cult Jam dá bhfunc-bhuama ‘Let The Beat Hit Em’) ag deireadh ‘Moonbuilding 2703 AD’ féin?


SCÉALTA EILE